Ní bheidh an Pop Up Gaeltacht a bhí le bheith ar siúl sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo ag tarlú de dheasca scaipeadh an víris chorónaigh.
D’fhógair lucht eagraithe na hócáide ar na meáin shóisialta ar maidin go bhfuil siad “croíbhriste” nach mbeadh an oíche shóisialta Ghaelach ar siúl ach nach mbeadh sé “stuama” ná ag teacht leis an treoir maidir le cúrsaí Covid “slua mór” a tharraingt isteach in aon áit amháin.
Fógraíodh an mhí seo caite go mbeadh an chéad Pop Up Gaeltacht ó cuireadh ócáid na Féile Pádraig 2020 ar ceal ar siúl sa teach tábhairne The Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo.
Tá an Cobblestone go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar an scéala go bhfuil sé i gceist ag úinéirí an tsuímh na foirgnimh bhéal dorais a leagan agus óstán a chur ina n-áit. Tá Cobblestone féin faoi chosaint dlí ach níl an láthair caite tobac ná an t-ionad ceoil agus tá imní ann go leagfar iad sin mar chuid den athfhorbairt atá beartaithe.
D’iarr lucht an Pop Up ar Ghaeil na hardchathrach “tacú le tithe tábhairne maithe” go dtí go mbeifí in ann ócáid a reáchtáil arís.
Is “ócáid foinse-oscailte” é an Pop Up Gaeltacht – is é sin le rá gur féidir le duine ar bith in áit ar bith an t-ainm a úsáid agus ócáid dá leithéid a eagrú – aithnítear go coitianta na hoícheanta sóisialta a d’eagraíodh an bheirt fhear go míosúil san ardchathair ina n-ócáidí leathoifigiúla. Reáchtáladh Pop Up Gaeltacht-anna eile, ar-líne agus san fhíorshaol, ó tugadh na chéad srianta isteach 19 mí ó shin, ach seo an chéad ócáid a eagraíodh trí chuntais oifigiúla an Pop Up ó mhí Mhárta 2020.
Bhí Pop Up Gaeltacht mór beartaithe don teach tábhaire Anseo ar Shráid Camden ar an taobh ó dheas de Bhaile Átha Cliath don 13 Márta 2020, deireadh seachtaine na Féile Pádraig, ach d’fhógair Taoiseach na linne, Leo Varadkar, an tráthnóna roimhe sin go ndúnfaí na scoileanna go n-iarrfaí ar dhaoine obair ón mbaile, agus go ndúnfaí na tithe tábhairne ar fud an stáit.