An Chomhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach agus imeachtaí eile

Comhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach

Ag tosú Aoine 2 Iúil @18:30

Tá deireadh seachtaine den scoth eagraithe ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach i mbliana. Agus béim á leagan ar an ngnó Cheilteach acu, tá léachtaí, siamsaíocht agus mion-ranganna le fáil i ngach teanga Cheilteach, an Ghaeilge san áireamh! Beidh deis ann cúpla focal a fhoghlaim sna teangacha eile chomh maith. Ticéid ar fáil ar Eventbrite agus tá clár na Comhdhála ar fáil anseo.

Seoladh Dlúthdhiosca Scoil Mhichíl

Aoine 2 Iúil @19:00

Thíos i mBaile na Sceilge, Contae Chiarraí, tá na daltaí scoile as an mbunscoil áitiúil, Scoil Mhichíl, tar éis dlúthdhiosca a thaifead lán le ceol traidisiúnta agus na sean-amhráin is breá linn uilig! Seán Ó Leidhin, iar-phríomhoide Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath, a bheidh á sheoladh i Caifé Cois Trá, Baile na Sceilge.

Traidphicnic an Spidéil

Ag tosú Aoine 2 Iúil @19:30

oznorCO

Beidh an Traidphicnic ann arís eile i mbliana agus neart imeachtaí ag tarlú go fíorúil oíche Dé hAoine agus i rith an deireadh seachtaine! Beidh sár-rogha ceoltóirí ag seinm chomh maith le drámaíocht, agus dár ndóigh cúpla seisiún ceoil!

Tuilleadh eolais ar shuíomh na féile agus ar YouTube.

Aigéin is i gCóngar – Access2Sea agus Údarás na Gaeltachta

Céadaoin 6 Iúil @10:00

Arna eagrú ag Access2Sea, is seimineár gréasáin é an imeacht seo agus beidh an painéal ag caint ar dhearcadh na hÉireann agus Shasana ar an bpleanáil mara, go háirithe idir an dá tír. Marcus ó Conaire as Údarás na Gaeltachta a bheidh ina Chathaoirleach.

Is féidir clárú ar líne roimh ré.

Unperson – Teifigh ón Choiré Thuaidh

Ar oscailt 7 lá sa tseachtain, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich

Is taispeántas é Unperson leis an ngrianghrafadóir Francach-Polannach Tim Franco, ar chás na dteifeach a thréig an Chóiré Thuaidh gan mórán dóchais acu. Tá na grianghraif ar fad analógach agus bunaithe ar an aistear chontúirteach sin do theifigh. Is féidir cuairt a thabhairt ar an taispeántas ag 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste i rith uaireanta oscailte Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

SCÉALTA EILE