Ó aimsir Jail Journal an Mhistéalaigh in 1854 anall, tá stair fhada ag baint leis an litríocht phríosúnachta phoblachtánach ar an oileán seo. Tá curtha leis an chorpas sin ag Lawrence McKeown agus cnuasach nua filíochta Threads foilsithe aige.
Rugadh McKeown in 1956 i mBaile Raghnaill, Contae Aontroma. Chuaigh sé isteach sna Sealadaigh (PIRA) nuair a bhí sé ina dhéagóir, agus chaith blianta faoi ghlas ina chime polaitiúil i bPríosún na Ceise Fada agus iarracht dúnmharaithe curtha ina leith. Nuair a bhí sé istigh, ghlac sé páirt in Agóid na Pluide idir 1976-1981, agus chaith sé 70 lá ar stailc ocrais sa bhliain 1981.
Bhí McKeown i mbéal an phobail i mbliana agus é ar an chlár teilifíse National Treasures ar RTÉ gléasta i gculaith phéacach trí bhall (maille le scaif, carbhat cuachóige agus bástchóta) a rinneadh as pluid phríosúnachta ó na H-Blocanna.
D’fhéadfaí a rá go n-eascraíonn an cnuasach filíochta seo as an tionscnamh chéanna lena bhfuil McKeown ag dul le fada an lá: saol gránna an phríosúin a thiontú isteach ina ealaín uaisle; ceangal atá soiléir freisin ó íomhá an tsnáithe i dteideal an chnuasaigh.
Tá éagsúlacht mhór dánta sa chnuasach seo, idir dánta a scríobhadh i ngéibheann agus dánta a scríobhadh ó shin ach a bhfuil macallaí den taithí sin fite tríothu.
Ní iontas ar bith é, mar sin, go bhfuil a chuid filíochta breac le taibhsí ón saol mar a bhí. Tá trí dhán sa chnuasach in ómós na stailceoirí ocrais Tom McElwee, Kieran Doherty agus Mickey Devine, agus líne chumhachtach scríofa aige maidir leis an athrú a tháinig ar chuid mhór de na cimí ag an am sin: “I believe that in the H-Blocks you found something to love and live for/ A place to give what was yours to offer.”
Tá dánta eile ann atá iontach pearsanta. Is dócha go dtiocfadh linn a rá, mar a shamhlaítear le dara tonn an fheimineachais sna 1960idí, gur ionann an rud atá polaitiúil agus an rud atá pearsanta i gcás McKeown. Tá an pointe seo breá soiléir sa phíosa ‘Margaret’, dán ómóis corraitheach dá mháthair. Meabhraíonn an dán an tionchar a bhí ag saol réabhlóideach McKeown ar a mháthair; saol a chuir idir scanradh agus bhród uirthi. Tagann na mná láidre ina shaol chun cinn tríd síos an gcnuasach, go háirithe sna dánta ‘Women’, ‘Mary’ agus ‘Feminists’: “theories challenged what was ‘natural’ and ‘God-ordained’ and a disciple of Copernicus was the worst of heretics/ Four centuries later we still have our heretics. Now they’re known as feminists.”
I gcuid mhór de na dánta, léiríonn McKeown an dóigh ar fhág an cogadh a lorg ar an Tuaisceart. In ‘Old Comrades’, tugann sé radharc gruama ar chuid de na fadhbanna a bhíonn le sárú fós ag na hiarchimí:
Talk these days
is of health concerns,
levels of medication,
cancer scares,
part-time employment,
no employment…
I dtíortha i gcéin, aithníonn sé fadhbanna eile a eascraíonn as an choilíneachas chomh maith céanna. In ‘Empirical Prices’, déanann an file tagairt don impiriúlachas chultúrtha agus don riochtú shóisialta nuair a breathnaíonn sé siar ar a thuras go dtí an Éigipt. Cé go raibh sé níos compordaí sna siopaí móra domhanda so-aitheanta, bhí sé sásta nuair a d’fhág sé siopa beag áitiúil le “full basket” agus “a fatter wallet” sa deireadh.
Níl ach dán amháin i nGaeilge sa leabhar, mar atá ‘Oiléan Toraigh’ [sic]. Is údar díomá é sin dáiríre agus Gaeilge líofa ag McKeown. Shílfeá nár chuir foilsitheoirí Salmonpress dóthain béime ar an Ghaeilge, agus is léir nach ndearnadh aon eagarthóireacht ar an dán sin.
Ach is maith an rud é na línte seo a fheiceáil, “An G[h]aeilge le cluinstin, Maighdean M[h]ara, bosca ceoil, agus an bád in [a]m.” Tá an dán seo ar an chéad dán sa dara mír den leabhar ina gcruinnítear na dánta a scríobh McKeown tar éis dó a bheith scaoilte saor sa bhliain 1992.
D’fhéadfá a rá go bhfuil an t-oileán mar Útóipe don fhear atá díreach tar éis an tsaoirse a bhlaiseadh den chéad uair le fada: is í an Ghaeilge an teanga ar bhéal na ndaoine; seasann an mhaighdean mhara do na mianta collaíochta a bhí faoi chois ann go dtí seo; siombail é an bosca ceoil don chumas a bheith in ann thú féin a chur in iúl sa saol; agus léiríonn an tagairt do chlár ama an bháid an faoiseamh atá air nach bhfuil a chuid ama istigh fós.
Tá an léamh sin fite fuaite leis an athrú meoin agus teanga a tháinig ar an fhile nuair a bhí sé istigh. Cuireann McKeown béim ar an ghné thábhachtach sin de shaol an phríosúin sa dán ‘Learning to Speak a New Language’:
A bit like learning to speak Gaeilge for the first time,
The words stumbling out awkwardly,
Not used to hearing them,
At least not publicly anyhow, so direct are they.
A sense of embarrassment even at the sound of my voice
speaking them,
simultaneously looking around at those within earshot.
This awkwardness I feel
Provokes the memory of a question once posed in my mind,
“Am I ashamed to speak the language of my people
And let it be known who I identify with and where my roots lie?”
I don’t baulk at the question now
because I’m confident
with my reply.
I answer directly in the language of my people,
Which is the language of resistance and defiance.
Mar a luaitear sa mhír bheathaisnéise ar an chlúdach laistigh, “is údar, drámadóir, scannánóir agus scoláire é McKeown; ach go samhlaíonn sé na rólanna sin i gcomhthéacs an ghníomhaíochais pholaitiúil.” Gan dabht, thiocfadh linn ‘file’ a chur ar an liosta sin anois.
An é McKeown Ernie O’Malley na linne seo?
Is é Salmonpress a d’fhoilsigh Threads le Laurence McKeown. Tuilleadh eolais ag: https://www.salmonpoetry.com/details.php?ID=481&a=330