Blood, Sweat & Felt // Taispeántas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste as seo go ceann 8 seachtaine
Tá taispeántas ealaíne leanúnach ar siúl i gCultúrlann McAdam, taispeántas a osclaíodh go hoifigiúl Déardaoin seo caite. Is ealaíontóirí ón ngrúpa pobail, F.O.C.U.S, atá tar éis an saothar seo a chruthú, dream a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu.
Is í aidhm an ghrúpa seo ná tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ina mbaill de, go mbeidh ar a gcumas a gcuid cúram lae féin a eagrú agus a reáchtáil. Do chaith an t-ealaíontóir Marie Louise Gormley tréimhse le déanaí ag obair leo agus í ag díriú ar an bhfeilt mar bhun-ábhar; chuaigh an cheardaíocht i bhfeidhm ar an ngrúpa agus tugadh dúshlán dóibh a bhfeiltbhrat féin a dhearadh.
Beidh toradh a gcuid oibre anois le feiscint sa taispeántas seo, a bhfuil teideal tráthúil go maith air – Blood, Sweat & Felt. Beidh deis agaibh é a fheiscint as seo go ceann 8 seachtaine.
An Fhéile Bheag Filíochta // Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, 8-10 Samhain
Is i mo dhúthaigh féin, Corca Dhuibhne, a bheidh teacht le chéile fileata agus liteartha ar siúl an deireadh seachtaine seo, mar a bhíonn na haon bhliain aimsir seo na Samhna.
Sea, cuirfear tús inniu leis an bhFéile Bheag Filíochta nuair a sheolfaidh an file agus criadóir aitheanta Louis Mulcahy (atá ag cur faoi sa cheantar le fada) an fhéile go hoifigiúil. Ina dhiaidh sin seolfaidh an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc eagrán na bliana seo d’Irisleabhar Mhá Nuad; agus cloisfear léacht ó Shéamus Barra Ó Súilleabháin. Is dírithe ar fhilíocht Mhichíl Uí Ghaoithín sa Chnuasach Béaloidis a bheidh a chuid cainte, dar teideal An Sruthán Draíochta.
Tá seó speisialta ilmheánach beartaithe don Satharn, ag a léifear saothar na n-údar seo a leanas: Tomás Ó Criomhthain, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Riordáin, Michael Davitt agus Nuala Ní Dhomhnaill. Cúigear iad sin a raibh ana-bhaint acu leis an gceantar agus a bhfuil spreagadh na leithinise le sonrú ina gcuid scríbhneoireachta. Is iad Dara Ó Cinnéide, Séamus Barra Ó Súilleabháín, Bríd Ní Mhóráin, Simon Ó Faoláin agus Dairena Ní Chinnéide a léifidh, fhad is a chloisfear tionlacan ceoil ó Cholm Ó Snodaigh agus íomhánna tarraingteachta teilgthe ar a gcúl ag Margaret Lonergan.
Go leor eile beartaithe, tá an fhéile ar Facebook agus is ann a gheobhaidh sibh gach eolas faoi!
Landless agus Skipper’s Alley // Séipéal Pepper Canister, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 9 Samhain @ 19:00
Tá dhá bhanna ceoil a bhfuil ag éirí go seoigh leo i láthair na huaire le bheith i Séipéal an Pepper Canister i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Sin iad Landless agus Skipper’s Alley.
Lily Power, Méabh Meir, Ruth Clinton agus Sinéad Lynch na baill i Landless (príomh-íomhá thuas), agus iad le chéile ó 2013. Is i mBÁC agus Béal Feirste atá siad lonnaithe agus díríonn siad ar amhráin thraidisiúnta agus ar an gcomhcheoil ach go háirithe, gan tionlacan.
Níor chualamar mórán ó bhaill an bhanna Skipper’s Alley (íomhá thuas) le tamall, ach tá siad thar n-ais ar a seanléim agus albam nua le scaipeadh acu ar a lucht leanúna. The Oul Flip atá air agus seolfar é ag an ócáid seo.
Gach rath ar an dá dhream!
Seoladh an albaim ‘Den Díobháil’ le Nuadán // The Queen’s Hotel, Inis, Dé Domhnaigh 10 Samhain @ 17:00
Dén Díobháil atá tugtha ag an mbanna ceoil Nuadán ar an dara halbam dá gcuid agus é ar an margadh faoi láthair. Bhíodar breá ceolmhar ag an Oireachtas sa Citywest an deireadh seachtaine seo caite agus iad le clos ar chláracha Raidió na Gaeltachta; beidh arís eile an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Inis i gContae an Chláir!
Is ann atá clár leathan imeachtaí beartaithe don Ennis Trad Fest 2019. Más mian libh tacaíocht a léiriú do Chárthach, Macdara agus Pax Ó Faoláin, mar aon le Iarlaith MacGabhann, téir chomh fada le The Queen’s Hotel ar an Domhnach @ 17:00. Is é cara mór an ghrúpa, an ceoltóir Páraic Mac Donnchadha, a sheolfaidh é.
* Dála an scéil, is in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí i Scoil an Cheoil a bheidh siad ar an 14 Samhain agus iad á sheoladh arís, mura n-éiríonn libh a bheith i láthair d’ócaid Chontae an Chláir!
Gatehouse // The Pillar House Folk Club, Béal Átha na Sluaighe, Dé hAoine 15 Samhain @ 21:00
Dáta don dialann a chairde! Má thaitníonn ceol an bhanna Gatehouse libh, bí ar an eolas go mbeidh siad le feiscint seachtain ó inniu i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe, in The Pillar House Folk Club. Sin iad na ceoltóirí John Wynne, Rachel Garvey agus Jacinta McEvoy atá sa bhanna seo, a bhfuil dhá albam seolta acu go dtí seo, Tús Nua agus Heather Down the Moor. Cloisfear rianta ón dá dhlúthdhiosca sin, i gcaitheamh na hoíche, táim cinnte!