Beidh an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ag filleadh ar bhaile Cheatharlach an bhliain seo chugainn agus an leathchéad á cheiliúradh ag bhféile a chuireann oidhreacht, teanga, cultúr, agus ceol na dtíortha Ceilteacha chun cinn.
Beidh an 50ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl ar an 2-6 Aibreán 2024, aimsir na Cásca. Ba sa bhliain 2012 a tháinig an fhéile go baile Cheatharlach den chéad uair agus reáchtáladh an fhéile sa bhaile sin cúig huaire ó shin.
“Roghnaíodh Ceatharlach mar óstbhaile don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach den chéad uair mar gheall ar an oiread suime atá ag daoine i nGaeilge ar an mbaile. Ó shin i leith, chuir an pobal ar fad fearadh na fáilte roimh an bhféile faoi chúig, agus rinneadh ceiliúradh ar an nGaeilge, ar an gcultúr, agus ar gach rud Ceilteach.
“Is féile ar leith í Pan Cheilteach agus d’éirigh leis an bhféile a bhuíochas le cuid mhór daoine a thug a gcuid scileanna, a gcuid eolais, agus a gcuid ama di go fial flaithiúil,” a dúirt Bríde de Róiste ó choiste áitiúil na féile i gCeatharlach.
Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile, ceolchoirmeacha, comórtais taibhealaíona, ceardlanna, seisiúin, taispeántais, clubanna, paráidí agus go leor eile ina measc. Beidh imeachtaí speisialta comórtha ar siúl an bhliain seo chugainn leis an leathchéad bliain a cheiliúradh.
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, Máirín Nic Dhonnchadha, go bhfuil “láithreacht nádúrtha fíorspeisialta don Ghaeilge” i mbaile Cheatharlach a bhuí leis an bpobal láidir Gaeilge ar an mbaile.
“Tá baile aoibhinn bríomhar Gaelach Cheatharlach ar cheann de na bailte i ansa leis na Ceiltigh d’Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar go leor cúiseanna – an fháilte chroíúil a fhaightear ó mhuintir an bhaile, an pobal fuinniúil ealaíne, ionaid agus áiseanna lóistín den scoth go háirithe.
“Chomh maith leis sin, tá láithreacht nádúrtha fíorspeisialta don Ghaeilge arna chothú ag an naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste áitiúil agus an clár imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáiltear le linn na bliana,” a dúirt sí.
Ba é Con Ó Conaill, a bhí ina stiúrthóir ar Thurasóireacht Chorcaí agus Chiarraí sna 1970idí, a tháinig aníos leis an gcoincheap don fhéile agus reáchtáladh an chéad cheann riamh i gCill Airne i gcontae Chiarraí. Cinneadh an fhéile a bhogadh go bailte agus ceantair eile agus lorgaíodh léirithe spéise ó áiteanna eile. Tionóladh an fhéile i nGaillimh, Trá Lí, Inis, Cill Chainnigh, Leitir Ceanainn, baile Dhún na nGall, an Daingean, Doire, agus Ceatharlach.
Déantar ceiliúradh ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáin, Corn na Breataine, agus Mhanann le linn ne féile. Is é sprioc na féile freisin an turasóireacht, an trádáil, agus an tráchtáil agus gréasánaíocht Idir-Cheilteach a “éascú agus a fhorbairt”.
Tháinig beirt scríbhneoirí de chuid NÓS sa dara agus sa tríú háit ag comórtas amhránaíochta na féile i mbliana – Sláine Ní Chathalláin as Corca Dhuibhne agus Domhnall Ó Braonáin as Cois Fharraige.