An Fhleadh + 4 imeacht eile

Rang Ióga // An Gailearaí Náisiúnta, BÁC, Dé Sathairn 10 & 17 Lúnasa @ 10:30

Is minic leisce orm maidin Dé Sathairn agus drogall orm éirí!

Ní i gcónaí a bhíonn pleananna beartaithe agam agus nuair nach mbíonn, bíonn aiféala orm. Ba cheart dom smaoineamh ar áirithint a dhéanamh d’ócáid amárach, áfach, a bheidh ar siúl ar láthair álainn speisialta – Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Is ann a bheidh Mary Dowling, múinteoir cáilithe ióga agus í i mbun seisiúin, chomh maith le roinnt aireachais anuas ar na gluaiseachtaí.

Tá an rang seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil leibhéil éagsúla bainte amach acu ó thaobh an ióga de. Moltar dóibh siúd a bheidh ag freastal air go leor uisce a ól roimh ré – ní scaoilfear le haon leacht sa Ghailearaí, ar eagla go ndéanfaí aon damáiste do na pictiúir!

Beir leat do mhata féin. €10 an costas.


Na Bopóga // Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 10 Lúnasa @ 11:00

Is minic leanaí díomhaoin ag an deireadh seachtaine, go háirithe i rith an tsamhraidh nuair nach mbíonn orthu freastal ar an scoil.

Coimeádfaidh ócáid atá beartaithe don gCultúrlann amárach iad breá sochair áfach: is é sin Na Bopóga, agus é ar siúl mar chuid d’imeachtaí Fhéile an Phobail.

Cluichí, rince agus amhráin le Plúra-Lúra, Nóra Bheag, Daideo agus a gcuid cairde atá geallta ag an imeacht seo a chuirfidh le forbairt oideachasúil do linbh.

£5 in aghaidh an pháiste an costas.


Oíche ghrinn dhátheangach // Club an Chonartha, BÁC, Dé Sathairn 10 Lúnasa @ 19:00

Má tá fonn gáire oraibh an deireadh seachtaine seo, seo libh go Club an Chonartha.

Dé Sathairn beidh oíche ghrinn dhátheangach ar bun, ar mhaithe leis na Samáraigh – cúis mhaith. Le feiscint i mbun na jócanna, beidh Seán Ó Beaglaoich, Conor Diskin, Clíona Lawton, Barry Cullen agus Dónal Gunning. Go n-éirí leo!

Más mian leatsa a bheith i measc na ndaoine sin agus páirt a ghlacadh, níl ort ach an fhoirm seo a líonadh, le bheith san áireamh.

Is é €12 costas na dticéad le bheith sa lucht féachana agus fáil orthu ar Eventbrite.


Sos Lóin // Páirc Mhic Gearailt, Corcaigh, Dé Domhnaigh 11 Lúnasa @ 12:00

Más maith leat a bheith ag ithe agus ag labhairt na Gaeilge (ní go díreach ag an am céanna!), tá ócáid aimsithe agam duit, atá ana-oiriúnach.

Sos Lóin, Picnic sa Pháirc atá i gceist, i bPáirc Mhic Gearailt i gCorcaigh. Deis í seo chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid leo siúd ar mian leo amhlaidh a dhéanamh.

Tabhair leat do chuid bia féin. Sosloin.ie suíomh na heagraíochta a bheartaíonn a leithéid, a bheidh ar siúl idir 12:00-15:00.


Fleadh Cheoil na hÉireann // Droichead Átha, 11-18 Lúnasa 2019

Cuirfear tús leis an bhFleadh Cheoil i nDroichead Átha Dé Domhnaigh agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh ar feadh tuairim is seachtain.

Bheadh leath an leathanaigh seo gafa le hainmneacha dá mbeadh orm na ceoltóirí ar fad a mbeidh baint éigin, beag nó mór acu, leis an bhféile, a lua.

Ní thabharfaidh mé daoibh ach blaiseadh beag: Damien Dempsey, Téada, Séamus Begley, Zoe Conway, John McIntyre, Cormac Begley, Seán Keane, Martin Hayes, Muireann Nic Amhlaoibh agus Dónal O’Connor… agus scata Éireann eile gan dabht!

Anuas air sin bí ag súil le céilithe, Scoil Éigse, imeachtaí Gaeilge do Sheachtain Ghaeilge na Féile, léachtaí, seoltaí albam agus leabhar!

Beidh Fleadh TV ann arís i mbliana le Hector, Doireann agus Róisín O, mar aon le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iad ag craoladh ón ródaí ar Shráid an Aonaigh, Déardaoin, Aoine agus Satharn na seachtaine seo chugainn!

SCÉALTA EILE