An gá stair Stonehenge a athscríobh?

Tá duine de na príomhsheandálaithe i ngort na geolaíochta ársa ag cur a spéice isteach maidir leis an chloch altóra ag Stonehenge a meastar gurb as oirthuaisceart na hAlban í. Creideadh roimhe seo gurb as an Bhreatain Bheag don mhórchuid de na clocha ag Stonehenge.

Oscailt súl a bhí sna torthaí Dé Céadaoin agus mhol an t-iriseoir is seandálaí Mike Pitts gur fianaise é go raibh “domhan Neoiliteach ann ar fud na Ríochta Aontaithe”. Níl freagra cruinn acu ar cá huair a bogadh a chloch go Má Salisbury in Wiltshire ach measann cuid eolaithe gur tharla seo i rith an dara tréimhse thógála idir 2620-2480 RCR.

Tugann seo le fios gur bogadh an chloch ó cheantar níos faide ar shiúl ón leacht ná mar a chéadcheapadh; meastar gur thaisteal an chloch 435 míle ar a laghad.

Rinne eagarthóir British Archaeology, foilseachán de chuid na Comhairle um Sheandálaíocht na Breataine, póstáil ar na meáin shóisialta chun plé a dhéanamh ar bhunús na cloiche. Roinn sé léarscáil a thaispeáin na ceantracha féideartha, lena n-áiríodh Orkney agus Rhynie, ina bhfuil galláin ón Ré Dhorcha.

Pictiúr: Léarscáil a léiríonn a fad taistil ó oirthuaisceart na Alban go Stonehenge. (Creidmheas: Mike Pitts)

Dúirt Pitts go bhfuil dhá fhoinse Albanacha ann a thacaíonn leis nascanna idir tuaisceart agus deisceart na Breataine le linn na tréimhse Neoilití. Más naghais ó na hInse Ghall a adhlacadh ag Stonehenge, agus earraí potaireachta a mbaintí úsáid as le linn na tréimhse céanna agus a gcreidtear gurb as Orkney dóibh.

Chuir sé béim ar na ciorcail déanta de chlocha luite in Aberdeenshire. B’ionann comhdhéanamh na gcloch seo agus comhdhéanamh na cloiche altóra ag Stonehenge. Mheabhraigh sé an Stonehenge nó na clocha luite a tógadh ar dtús de bhrí go meastar go bhfuil Stonehenge ach ní shéanann sé an fhéidearthacht gur bogadh an chloch altóra ó Aberdeenshire go mall i dtréimhse thógála Stonehenge.

Tá an seandálaí muiníneach gur tógadh Stonehenge le carraigeacha ón mhórthír amháin agus nár glacadh cuid ar bith thar sáile. Is dóiche go gciallaíonn sé seo go bhfuil Orkney as an áireamh.

Tháinig mórchuid na gcloch gorm ó Preseli Hill in iarthar na Breataine Bige agus creideadh gurbh amhlaidh a bhí i gceist leis an chloch altóra go dtí seo.

Ghlac eolaithe as Ollscoil Aberystwyth, Coláiste Ollscoile Londain, agus Ollscoil Curtin agus Ollscoil Adelaide san Astráil páirt sa taighde. I ndiaidh dóibh imscrúdú ar chomhdhéanamh ceimiceach na cloiche, tá siad 95% cinnte gur tháinig an ghaineamhchloch as oirthuaisceart na hAlban.

Dúirt duine de na comhúdair, an tOllamh Richard Bevins ó Ollscoil Aberystwyth go gcasann an torthaí seo gach rud a mheas siad le céad bliain anuas ar a cheann agus go bhfuil neart le foghlaim go fóill faoi cá háit go díreach as a dtáinig an Chloch Altóra.

SCÉALTA EILE