An Pointe 1/2 Bealaigh Sroichte

Tá an pointe leath bealaigh sroichte ag Rith 2016, ollrith náisiúnta a mheallann Gaeil na tíre amach, na bróga reatha agus an high viz orthu, le rith ar son na Gaeilge.

Ar maidin, leanfar le turas na reathaithe cróga ón Chabhán ar aghaidh go Liatroim, Sligeach agus Fear Manach, sula dtabharfar aghaidh ar Dhún na nGall, Doire agus Tír Eoghain amárach.

Den chéad uair, tá féile spreagúil Rith ag tabhairt cuairte ar gach ceann de na 32 Chontae, thar thréimhse 11 lá, mar chuid de chomóradh speisialta 1916.

Lar

Agus amhrán na féile ‘Oró, ’s é do bheatha abhaile’ á cheol go láidir, tá na mílte Gael tar éis páirt a ghlacadh san ollrith go dtí seo agus tá muid ag baint an-sult as na pictiúir ar fad atá á roinnt ar na meáin shóisialta.

lar

Dé hAoine seo caite i gCill Dara, a tógadh na chéad choischéimeanna ar an chúrsa 700km, a thiocfas go ceann scríbe i mBÁC an Luan beag seo.

Dúirt Marcas Mac Ruairí, Cathaoirleach Rith 2016, gur ardú mór meanman atá ann don uile dhuine atá páirteach san fhéile.

“Táimid leath bealaigh tríd Rith 2016. Tá an fhoireann spíonta ach leanfaimid ar aghaidh gan aon dabht,” arsa sé.

“Agus sinn ag bualadh le cúpla míle duine gach aon lá, idir óg agus aosta, ní féidir linn stopadh!”

“Tá muintir na tíre ag ardú ár gcroíthe gach uile lá agus gach éinne ar aon fhocal gur mór an spreagadh atá i Rith 2016,” a dúirt sé.

Baileoidh Gaeil le chéile taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill Dé Luain, an 14ú Márta, ar 12.30in, tráth a léifidh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, teachtaireacht dóchais Rith.

Beidh ceolchoirm sráide ann le hambasadóirí SnaG 2016, Seo Linn.

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn a scríobh an teachtaireacht dóchais atá sa bhata sealaíochta atá á cur ó lámh go lámh ag na reathaithe i ngach cearn den tír.

Tá fearadh na fáilte á chur roimh aon duine ar mian leis nó léi rith ar aon chuid den chúrsa nó ciliméadar a cheannach.

Caithfear an t-airgead a bhaileofar ar thograí áitiúla Gaeilge ar fud na tíre.

Rithimis a chairde!

Coinnigh ar an eolas faoi Rith ar Facebook/Twitter @Rith_Gaeilge nó ar www.rith.ie!

SCÉALTA EILE