Scríobh mé alt don iris seo le déanaí inar phléigh mé lá áirithe cúpla seachtain ó shin. An lá áirithe seo, mhothaigh mé go raibh sionnach nó tagairt do shionnach ann achan uair a thiontaigh mé thart. Chuir sin mé ag smaointiú ar an ainmhí chéanna agus, an oíche sin, chaith mé tamall maith ag machnamh ar an tsionnach. Mar bharr ar na comhtharluithe, agus mé ag toiseacht ar an alt seo, fuair mé teachtaireacht ó chara liom, léachtóir i nGaillimh, an t-aoi eile ar phodchraoladh Club Leabhar an mhí a phléigh mé An Grá agus an Ghruaim, le rá go bhfaca sí sionnach ar champas na hollscoile i rith an lae sular léigh sí an t-alt sin. Tá na sionnaigh ag glacadh seilbhe!
Thosaigh mé mo mhachnamh leis an scéal a luaigh mé ó Fheidhlimidh Dhomhnaill Phroinsias. Scéal é seo atá suimiúil sa dóigh a léiríonn sé gliceas an tsionnaigh ach a chríochnaíonn leis an abairt “Sin mar a chuaigh an chríonnacht ina thóin don mhadadh rua.”
Scéal é ina maraíonn sionnach cearca duine go rialta ach ceapann an t-úinéir an sionnach ina theach sa deireadh. Seasann an duine ag an doras agus ní ligeann sé an sionnach amach. Tosaíonn an sionnach ag caitheamh éadaí an fheirmeora isteach sa tine ag iarraidh fiachall a chur air bogadh. Ní chorrann an feirmeoir. Sa deireadh, caitheann an sionnach gunna an fheirmeora isteach sa tine nó tuigeann sé go bhfuil púdar ann agus go bpléascfaidh sé. Bogann an feirmeoir agus déanann an sionnach iarracht an doras a bhaint amach ach pléascann an gunna agus maraítear an sionnach sula n-éalaíonn sé. Mar a mhíníonn an abairt dheireanach den scéal, bhí an sionnach ró-chliste dó féin sa chás seo.
Tá cúpla leagan de scéal eile ina mbíonn an sionnach ró-chinnte as féin ann. An creatlach atá ann ná go mbíonn cat agus sionnach ag caint lena chéile agus maíonn an sionnach go bhfuil sé i bhfad níos cliste ná an cat. Tagann madaí sa tóir orthu agus deir an cat go bhfuil cleas aige. Molann an sionnach go bhfuil deich gcleas ar eolas aige féin. An cleas, ámh, ag an chat ná léimt suas crann agus ní thig leis na madaí é a fháil. Ní thig leis an tsionnach crann a dhreapadh, dar ndóigh, agus faigheann na madaí greim air.
Is intuigthe an fuath a bhíodh, agus a bhíonn, againn ar an tsionnach. ‘Itheann an sionnach cearca agus géanna,’ mar a mhínítear i gcuntas amháin as Gaillimh, ‘goideann sé cearca agus lachain ón na feirmeoirí,’ a deirtear i gcuntas as Contae an Chláir. Tá cuntas as Maigh Eo atá an-trom ar an tsionnach bhocht:
‘Itheann an sionnach cearca, lachain, úin óga, caoirigh, géadha. San oidhche nuair a bhíonn gach duine ina gcoladh marbhuigheann sé cearca, lachain, géadha, uain óga agus caoirigh. Ní dhéanann an sionnach maitheas ar bith.’
Dar ndóigh, ní ainmhithe allta iad na huain agus na cearca, na lachain agus na géanna seo. Achan uair a itheann sionnach ceann acu, is buille do phóca an fheirmeora é. Sna blianta atá imithe thart, bhíodh daoine ag brath go mór ar na cearca ar mhaithe le huibheacha agus feoil ó na seanchearca caite. Is cuimhin liom féin fearg a mhothú an chorruair a chonaic mé go raibh sionnach i ndiaidh a fháil isteach i gcró na gcearc agus mé i mo dhéagóir. Bhíodh fuil ar fud an talaimh agus cleití ó cheann go ceann an chlóis.
An fhearg sin a mhothaigh mé, agus buaireamh airgid leis, tuigim an fáth a raibh fuath ag na daoine seo ar an tsionnach. Mar sin de, is cinnte go mbeadh dúil mhór ag daoine i scéalta ina bhfuil droch-chríoch ann don tsionnach.
‘Ní dhéanann an sionnach maitheas ar bith,’ a bhí scríofa sa chuntas thuas ach níl sé sin go hiomlán fíor. Creideadh go raibh leigheas i dteanga an tsionnaigh. Más é go raibh sionnach maraithe agat agus an teanga bainte amach agat, bheifeá in ann é a chuimilt ar do lámh nó do chos dá mbeadh dealg istigh ann. Thitfeadh an dealg amach go luath.
Tá scéalta ann ina n-éiríonn le gliceas an tsionnaigh chomh maith le cinn ina dteipeann air. Tá an-chuid scéalta a leanann creatlach mar seo: ceaptar an sionnach, nó tagtar air, i ndiaidh dó cearca a mharú. Luíonn sé síos go ciúin amhail is go raibh sé marbh agus is minic a iompraíonn an feirmeoir é chun an conablach a fhágáil áit inteacht. Ní chorann an sionnach ar chor ar bith. Ach ní luaithe aird an duine imithe ar shiúl ón tsionnach go n-éalaíonn sé.
Sin ráite, tá scéal as Gaillimh ina n-éiríonn le hainmhí nach mbeifeá ag dúil leis an lámh in uachtar a fháil ar an tsionnach. Tá sionnach ann a mhaíonn do ghráinneog go bhfuil sé i bhfad níos gaiste ná é agus socraítear rás don lá ina dhiaidh. Tá plean ag an ghráinneog, ámh. Socraíonn sé é go mbeidh gráinneog eile ag an líne dheiridh. Ag tús an rása, imíonn an sionnach mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann. Ach ar bhaint amach an líne dheiridh, tá an ghráinneog ann roimhe. Rith an sionnach ar ais chuig an tús ach bhí an ghráinneog ann roimhe arís.
Arís eile, agus an dochar a rinne sionnaigh do mhuintir na tíre nuair a rinne siad creach ar an chró, is cinnte gur bhain daoine an-sult as scéal mar seo agus cúpla gráinneog i ndiaidh ceap magaidh a dhéanamh den tsionnach.