An tAonach Nollag is macnasaí san Eoraip

Ní Nollaig go Glühwein, sneachta, agus boid bhréige. Ar laghad, sin mar atá ag an Aonach Nollag is macnasaí san Eoraip, Santa Pauli Hamburg, mar ar chaith mé sos beag Nollaigiúil an tseachtain seo caite. 

Is é Sankt Pauli ceantar na soilse dearga in Hamburg. Fadó, thagadh mairnéalaigh chuig an Reeperbahn le cúpla pionta a chaitheamh siar agus an oíche a chaitheamh le striapach nó triúr, agus is beag athrú atá tagtha ar an áit ó shin. Tá beáir, drúthlanna, agus clubanna go leor i mullach a chéile ann, ach is túisce a d’fheicfeá Sasanach ar chóisir na bpoc ann ná a d’fheicfeá mairnéalach sa lá atá inniu ann. 

Baineann ‘Santa’ Pauli, a chuirtear chun cinn mar ‘an tAonach Nollag is macnasaí agus is cúláilte in Hamburg’ lántairbhe as an gcáil atá ar Sankt Pauli. 

Chaith mé cúpla lá ann an tseachtain seo caite agus mise á rá leat nach bhfuil a leithéid feicthe agat áit ar bith eile. 

Tá sé soineanta go maith ar an gcéad radharc, agus shílfeá nach bhfuil ann ach Aonach Nollag eile mar atá ar fud fad na Gearmáine. Go dtí go bhfeiceann an fógra do bhialann atá ar cheann de na cláir fógraí ag an ngeata ag athrú go híomhá de dhá réinfhia ag focáil a chéile. Sin é an chéad leid nach mar a shíltear a bhítear. 

An dara leid a bhí ann ná an muigín Glühwein. Dá ghnáthaonach Nollag é seo, bíonn pictiúr den chathair faoi bhrat bán ar na muigíní seo agus Frohe Weihnachten 2018 scríofa orthu. Ní hamhlaidh ag Santa Pauli. Ar an muigín a fuair mé bhean an gheansaí dhrithligh ag an seastán Glühwein bhí Saintí gan a bhríste, tatú d’ancaire ar a thóin aige, agus é ag éalú isteach go Herbertstraße — sráid cháiliúil i gceantar na soilse deirge nach bhfuil cead isteach ann ag mná nach bhfuil ag obair ann, má thuigeann tú leat mé. 

Agus tú ag siúl tríd an aonach, feicfidh tú gnáthearraí na n-aontaí Nollag: hataí olann, cuimhneacháin ó chumann sacair Sankt Pauli, coinnle — ach dá gcaithfeá níos mó ná sracfhéachaint ar na seastáin d’fheicfeá bábóga gnéis agus boid bhréige ar díol. Ar fhaitíos go mbeadh ruidín deas le cur i stoca duine éigin. 

Stop mé le tuilleadh Glühwein a fháil agus sheas ag bord le mo chairde. Bhí athmheascadh de cheol na 1980idí á bhladhradh ó na callairí móra, bhí soilse dioscó ag lonrú os ar gcionn, agus bhí adharc aonbheannaigh ar an bhfear taobh thiar den bheár agus é ag dáileadh an óil. 

Tharraing an feic sin m’aird ó cheann de na crainn Nollag ab fhearr a chonaic mé riamh. Tá cuma normálta air ar an gcéad radharc, ach nochtann na soilse gealánacha na craobhacha nach craobhacha iad  — tá an crann clúdaithe ó bhun go barr le boid bhréige den uile chineál, mhéid, agus dhath. Tá cuid acu beag, tá cuid acu ar an ngnáthmhéid, agus tá ar a laghad ceann amháin acu chomh fada le mo lámh. 

D’fhiafraigh mé de chara liom de chogar cé mhéid duine ólta a chuirfidh a mbeola timpeall na mbod faoi dheireadh an tséasúir. Caithfidh mé a rá go bhfuil cathú beag orm é a dhéanamh mé féin, mura bhfuil ann ach ábhar croíthe ar Instagram. 

Shiúil muid thar na seastáin bia traidisiúnta a bhíonn ag aontaí Nollag na Gearmáine. Ispíní éagsúla, cnónna milse, aráin, agus pancóga faoi bhrat siúcra, chomh maith le seastán arán sinséir. Ach in áit an fhirín sinséir, tá, is fíor duit é, bod sinséir. 

Ag deireadh an aonaigh tá puball mór agus comhartha crochta taobh amuigh a chuireann cosc ar dhaoine faoi 18. Ní hé Saintí a bheidh anseo anocht. In áit a bheith a bailiú le chéile na carúil Nollag a chanadh, tagann muintir Sankt Pauli le chéile ag an Aonach Nollag seo le breathnú ar sheó struipeála saor in aisce.

Anuas ar na struipeálaithe a bhíonn le feiceáil sa phuball cúpla babhta san oíche, bíonn porno karaoke ar siúl cúpla uair sa tseachtain ag Santa Pauli. B’fhéidir gur fhreastail lucht eagraithe an aonaigh ar an bPuball Gaeilge, mar is é an coincheap céanna a bhíonn ag Rossa Ó Snodaigh — múchtar an fhuaim ar scannán porn agus ligtear don lucht féachana a script (agus a bhfuaimeanna) féin a bhéicíl thairis. 

Mar sin, má tá saoire bheag sexyáilte uait roimh an Nollaig, nó áit spéisiúil le céile Tinder a thabhairt, seo an áit duit. An bhfuil ní ar bith is fearr ná an Nollaig agus an Nochtachas?

Má bhíonn mé ag teastáil uait, seiceáil an puball struipeála. 

SCÉALTA EILE