An tOireachtas ag tacú le 17 contae Oíche Chultúir Gaeilge a chur chun cinn

Tá Oíche Chultúir 2024 linn agus tá imeachtaí den chéad scoth á reáchtáil ag eagraíochtaí áitiúla Gaeilge ar fud an oileáin i gcomhar leis An tOireachtas. Beidh cathracha agus bailte na hÉireann ag tabhairt faoi cheiliúradh nach beag ar oíche ar a measctar cleachtaí ó chultúir éagsúla agus cóisireacht chraiceáilte, agus beidh lear mór imeachtaí Gaeilge ann lena chois sin.

Tá An tOireachtas ag tacú le heagraíochtaí in 17 gcontae ar fud na tíre chun feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn ar an is oíche is fearr lena dhéanamh (…i ndiaidh Oireachtas na Samhna dar ndóighe).

Deir An tOireachtas go bhfuil an obair seo á déanamh acu ‘taobh amuigh’ den Ghaeltacht ionas go chun cur leis na gréasáin úsáidte Gaeilge atá ag feidhmiú sa tír. Tá Oifigigh Gaeilge is Pobail agus gníomhaithe teanga ag obair go dian le himeachtaí a sholáthar i gCo. Aontroma, Co. Bhaile Átha Cliath, Co. Cheatharlach, Co. Chiarraí, Co. an Chláir, Co. Chorcaí, Co. Dhún na nGall, Co. na Gaillimhe, Co. Luimnigh, Co. na Mí, Co. Mhuineacháin, Co. Phort Láirge, Co. Shligigh agus Co. Thiobraid Árann.

Réimse tarraingteach imeachtaí atá ar an chlár i mbliana. Beidh Catríona Ní Ghribín ag seinm ceol traidisiúnta sa Chaifé Ceoil ag 12:45 in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste; seisiún ‘canaigí le chéile’ i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl ag Cór Duibhlinne faoi stiúir Amy Ní Riain ina gcuirfear snas ar na hamhráin Ghaeilge a foghlaimíodh ar scoil; agus beidh turas gailearaí i measc imeachtaí Gaeilge eile in The Model, Sligeach.

Pictiúr: Clár Gaeilge Oíche Chultúir 2024 i gcomhar leis An tOireachtas. (Creidmheas: An tOireachtas)

Cuirfidh Café Waterlillies i gCeatharlach fáilte roimh chainteoirí líofa Gaeilge bolgam tae a bheith acu agus a nGhaeilge bhreá a roinnt le foghlaimeoirí na teanga. Eispéireas tumthach suaimhneach a bheidh i gceist agus tabharfaidh sé deis d’fhoghlaimeoirí nathanna agus saibhreas galánta a thógáil ar bharr na scileanna urlabhra.

Rud speisialta amháin a sheasann amach idir imeachtaí ná ‘Gaeilge & Fáilte’ le Carraig ag Caint ar shráideanna Charraig Uí Leighin i gContae Chorcaí. Beidh slua na Féinne agus muintir de chuid Thír na nÓg ag siúl feadh na sráideanna ar feadh oíche ag scaipeadh béaloidis agus ag inse do dhaoine scéal a saoil. Bainfidh na carachtair úsáid as nodchartaí chun leideanna a thabhairt do dhaoine a bhfuil an misneach acu ceist a chur ar spiorad!

Tá an Grilse Gallery i gCill Orglan, Ciarraí ag cur ar siúl ‘taispeántas ildisciplíneach idirghníomhach dátheangach’ d’Oíche Chultúir i mbliana. Cluinfear dánta ó cheathrar filí as Corca Duibhne, Emer Fallon (atá ina scríbhneoir cónaithe le Comhairle Contae Chiarraí), Nicholas McLachlan, Simon Ó Faoláin, agus Maggie Breen, chomh maith leis an scannánóir, John Kennedy. Beidh maidhc oscailte ann don phobal fosta.

Fá choinne lucht na nArdchathrach, is féidir oíche a chaitheamh i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair leis na GaelGáirí & a Gcairde ar son na Palaistíne. Osclófar na doirse ag 19:00 agus beidh Amhránaithe an Chlub ag seinm ón 20:00. Beidh Seán Ó Beaglaoich, Seán T Ó Meallaigh, agus Hugh Carr ag cur tús leis an ghreann ag 9:30 ina dhiaidh sin. Cluinfear dánta ó Roxanne Nic Liam agus beidh cainteanna ann freisin. Rachaidh an brabús go léir i dtreo iarrachtaí fóirithinte i gcoinne chinedhíothú na bPalaistíneach.

Is féidir na himeachtaí Gaeilge ar fad a fheiceáil anseo.

SCÉALTA EILE