Cén dóigh ar tháinig na scéalta Fiannaíochta chugainn? Faightear cuid mhór ar Bhunachar Bhéaloideas na Féinne. As na scéalta ar an bhunachar sin, baineann cuid mhaith de na cinn Éireannacha le rudaí atá ar fáil ar duchas.ie. Na scéalta ar an tsuíomh sin, bailíodh an chuid is mó acu fá na 1930idí nuair a chuaigh bailitheoirí gairmiúla thart fán tír ag bailiú scéalta agus amhrán ó sheanchaithe agus ó cheoltóirí éagsúla.
Ach, agus ceiliúradh déanta againn ar Lá Fhéile Pádraig inné, ar smaointigh tú ariamh gurb é Naomh Pádraig an chéad bhailitheoir de bhéaloideas na Féinne?
Aithníonn muid uilig an scéal Oisín i dTír na nÓg. Sa scéal seo, bíonn na Fianna amuigh ag seilg nuair a chasann Niamh Cinn Óir orthu. Bean ghalánta í seo a mhíníonn gurb í iníon Rí Thír na nÓg (tír faoin fharraige í seo, áit nach dtagann aois ar dhaoine) agus gur mhaith léi Oisín a phósadh. Mheall sí Oisín (mar a deir an t-amhrán) agus d’imigh siad le chéile go Tír na nÓg. Chaith siad 300 bliain ann ach níor thuig Oisín gur imigh an oiread sin ama thart.
Tagann sé ar ais go hÉirinn ar cuairt (tugann Niamh capall draíochta dó agus míníonn sí go gcaithfidh sé fanacht ar mhuin an chapaill nó tiocfaidh 300 bliain d’aois air má leagann sé cos ar thalamh na hÉireann) agus is mór an brón atá air nuair a fheictear dó go bhfuil Fionn agus na Fianna marbh agus an tír athraithe go mór.
Agus é réidh le pilleadh ar Thír na nÓg, tchí sé grúpa mór fear ag iarraidh cloch mhór a thógáil ach níl ag éirí leo. Tógann Oisín an chloch gan dua ach briseann na haraíonacha ar dhiallait an chapaill agus titeann Oisín go talamh. Tagann na céadta de bhlianta d’aois air láithreach agus tá sé fágtha ina sheanfhear i mbéal an bháis.
Dar leis an scéal, bhí na Fianna ann 300 bliain roimh Phádraig, rud a fhágann go raibh an Naomh ag gabháil thart fán tír seo ag iarraidh an Chríostaíocht a scaipeadh nuair a thit Oisín den chapall. Glactar Oisín a fhad le Naomh Pádraig, déanann Oisín scéalta a óige a aithris do Phádraig agus breacann an Naomh agus a scríobhaí, Brógán, síos ar pháipéar iad. Is ón aithris seo, agus ó dhaoine a léigh na scéalta mar ar scríobhadh síos iad, a thagann na scéalta Fiannaíochta uilig atá againn chugainn.
Is fiú dúinn iniúchadh beag eile a dhéanamh nó is scéal measartha nua é seo; níl Tír na nÓg luaite sna scéalta is sine. In Agallamh na Seanórach (scéal fada Fiannaíochta ón 13ú haois), ní tharlaíonn ach go bhfuil Oisín agus Caoilte fós beo, gan míníu ar bith tugtha dá saol fada, in aimsir Phádraig agus go siúlann siad thart fán tír ag aithris scéalta Fiannaíochta dó. Mar a tharlaíonn in Oisín i dTír na nÓg, scríobhtar síos na scéalta seo agus Oisín nó Caoilte á n-aithris.
Sa scéal níos nuaí, Oisín i dTír na nÓg, níl aon iomrá ar Chaoilte agus déantar iarracht saol fada Oisín a mhíniú.
Tá comhrá idir Oisín agus Naomh Pádraig ann sna scéalta Fiannaíochta go minic. Mar shampla, tosaíonn an laoi cháiliúil Laoi an Airghin Mhóir, le Pádraig ag gabháil go dtí Oisín agus cuireann sé an cheist ‘caidé an teann [deacracht] is mó ina raibh na Fianna?’ Insíonn Oisín scéal faoin duine seo, Airghin Mór, a rinne ionsaí ar an tír agus a mharaigh cuid mhór daoine sular chloígh Goll é.
Tá scéal eile, Eachtra na Mná Móire Thar Lear, agus tosaíonn leagan amháin leis na línte seo agus Pádraig ag iarraidh scéal a fháil ó Oisín (athraím an teanga rud beag go mbeadh sé níos fusa é a léamh):
“A Oisín, is binn liom do bhéal
Agus is ansacht dom scéal a fhághail uait
Ar chrógacht Oscar laochrach thréan
Bheireadh as gach céim catha bua.”
Insíonn Oisín an scéal agus críochnaíonn sé:
“Dar an lámh sin ort a chléirigh ní gó [gó = bréag]
Sin agat teacht na mná móire isteach.”
Nach méanar dúinn gur thug Oisín na scéalta seo do Naomh Pádraig, bíodh siad fírinneach nó bréagach?