Tháinig an draíodóir nua-aoiseach is clúití ar chlár na cruinne, Harry Houdini, ar an saol cothrom an lae seo sa bhliain 1874.
Bhain an fear beag de bhunadh na hUngáire cáil idirnáisiúnta amach mar gheall ar a chleasa éalaithe, a dhraíocht spleodrach agus a dhoilfeacht (illusion) dhrámatúil.
Nuair a bhuail sé an domhan siamsaíochta ag tús an chéid seo caite, níor raibh a leithéid feicthe ag aon duine roimhe agus lean sé leis ag mealladh na sluaite go dtí gur bhásaigh sé in 1926.
Seo cúig fhíric shuimiúla faoin duine iontach.
A ainm
Rugadh Houdini mar Erik Weisz i mBúdaipeist san Ostair-Ungáir ar 24 Márta 1874.
Ba Ghiúdaigh iad a mhuintir agus raibí a bhí ina athair. Bhog siad go SAM in 1878.
Níor úsáid Houdini a ainm stáitse go dtí go ndeachaigh sé i dtreo na draíodóireachta proifisiúnta agus é mall sna déaga.
Bhunaigh sé a ainm ar Jean Eugène Robert-Houdin, Francach fir agus ‘athair’ na draíodóireachta nua-aimseartha.
Dian-traenáil
Tá sé deacair an traenáil a chuir Houdini air féin a shamhlú.
Bhí sé chomh tiomanta sin dá cheird nár chodail sé ach ceithre huaire an chloig in aghaidh an lae, ionas go mbeadh sé in ann díriú ar an traenáil.
Rinne sé a chuid cleasa go leanúnach os comhair scátháin, chuir sé folcadán ollmhór ina theach leis na cleasanna contúireacha uisce a chleachtadh agus theagasc sé é féin le bheith comhdheasach (ambidextrous) fiú.
Ar a bharr sin uilig bhí sé in ann snaidhmeanna a dhícheangal lena mhéara coise… tar éis tamaill bhí a ladhracha chomh lúfar lena mhéara!
An saol eile
Bhí an-suim ag Houdini sa saol eile agus cad a bhí i ndán dúinn tar éis an bháis.
Ghlac sé páirt i séansanna le linn a shaoil agus rinne iarracht teagmháil a dhéanamh lena mháthair mharbh.
Chaith sé amhras áfach ar spioradaithe (mediums) a linne, rud nár réitigh ar chor ar bith lena chara, an t-údar Arthur Conan Doyle, a chreid go mór iontu.
Mar sin féin chreid Houdini go fóill go raibh saol eile ann i ndiaidh an tsaoil seo.
A bhean, agus a mhac ‘samhailteach’
Phós Houdini a bhean, Bess, nuair a bhí sé 20 bliain d’aois díreach coicís tar éis bualadh léi.
Bhí siad go mór i ngrá de réir gach tuairisce agus de réir na litreacha geanúla a scríobh siad dá chéile.
Ní raibh siad in ann páistí a bheith acu ach níor chuir sé sin stad leo… mar gur chum siad ‘mac samhailteach’ darb ainm Mayer Samuel Houdini (ainm athair Harry) agus scríobh siad faoi go minic ina gcuid litreacha.
Chruthaigh siad saol cumtha do Mayer, go príobháideach eatarthu féin, agus rinne siad cur síos ar a shaol.
Bealach a bhí ann, is dócha, chun a gcaidreamh agus a mianta a shásamh d’uireasa páistí bheith acu féin.
Miotas a bháis
Is é an scéal is mó a bhaineann le bás Houdini – a d’éag ar 31 Deireadh Fómhair in 1926, in aois 52 – ná gur bhuail mac léinn sa bholg é tar éis taispeántais nuair nach raibh súil aige leis an dorn.
De ghnách bheadh an draíodóir in ann é féin a ullmhú chun a léiriú cé chomh láidir is a bhí sé ach ní raibh deis aige an uair seo, tháinig aipindicíteas air agus fuair sé bás seachtain ina dhiaidh.
Níl siad róchinnte anois áfach arbh é an buille an rinne an damáiste, ach seasann an scéal fós.
Sula bhfuair sé bás luaigh Houdini le Bess go ndéanfadh sé iarracht teagmháil a dhéanamh léi ón saol eile, agus ghlac Bess páirt i séansanna ar feadh 10 mbliana féachaint an ndéarfadh sé aon rud léi.
Cé nár nocht sé do Bess, bailíonn daoine le chéile go fóill gach Oíche Shamhna le haghaidh séans le fáil amach an mbeidh siad in ann labhairt le spiorad Houdini, an draíodóir is fearr a bhí ann riamh.