Tá áthas orainn an scéal a scaipeadh go mbeidh an grúpa Gaelach Aisteoirí Bulfin ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód le léiriú úrnua a thabharfar chun stáitse in Amharclann an Axis, i mBÁC, oíche Shathairn, 25 Márta.
Seó ceiliúrtha atá beartaithe ag aisteoirí aitheanta na hardchathrach, a chaithfidh súil siar ar roinnt den saothar atá léirithe acu thar na blianta.
“Bliain thábhachtach í seo” arsa Aoileann Ní Chonchubhair, cathaoirleach an ghrúpa aisteoirí, le féachaint siar ar an saothar atá taibhsithe acu ó 1967 go dtí an lá inniu.
“Beidh muid ag breathnú siar ar an gcéad dráma a chuir an grúpa ar stáitse riamh go dtí an ceoldráma mór a bhí againn 1915 i 2015,” ar sí.
“Freisin, beidh radharc ón dráma Faoiseamh le JB Keane – ó na 70í – leis na haisteoirí a bhí ann an chéad lá riamh.”
Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Tá ainm in airde acu as scoth na ndrámaí agus na gceoldrámaí Gaeilge – ó dhrámaí Phádraig Uí Ghiollagáin go drámaí Aoidh Uí Dhomhnaill – a chur ar stáitse.
Tá ceoldrámaí nuascríofa déanta acu mar aon le drámaí a aistríodh ó theanga eile.
“Idir Ghaelach agus idirnáisiúnta, is iomaí dráma, nua agus sean, a léirigh na Builfínigh a thug deis dúinn téamaí móra an tsaoil a chur faoi bhráid an phobail.”
“Rinne muintir Bulfin an-obair thar na blianta le hainm a chothú dóibh féin mar ghrúpa a chuireann drámaí maithe le chéile, ina bhfuil aisteoirí den scoth agus scéalta suimiúla agus nua-aimseartha ag baint leo.”
“Ní bhíonn a fhios riamh cad a bheidh romhat ag oíche Bulfin.’
Go maire sibh an céad, a chairde!
Na Builfínigh abú!
Beidh oíche mhór Aisteoirí Bulfin ar siúl in Amharclann an Axis, Bóthar Bhaile Munna, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9, Dé Sathairn, 25 Márta ag 7:30in. Áirithintí: (01) 883 2100 agus www.axisballymun.ie Ticéid: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €10)