60 soicind le…


Beidh an t-aisteoir aitheanta álainn Seán T. Ó Meallaigh páirteach sa léiriú ilmheáin ‘Cluiche na Corónach’ atá á reáchtáil mar chuid d’fhéile IMRAM anocht.

Ghoid muid 60 soicind leis le labhairt faoi chos amháin a bheith aige i dTír Chonaill, lámh a bheith aige le ceamara agus oíche álainn a shocródh sé do dhuine ádhúil ar choinne chéad aithne leis! #sárdate!


1. Cárb as duit?

As Tír Chonaill ó dhúchas, ach bhogamar go Gaillimh nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois, so tá cos amháin agam sa dá chontae!

2. Na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais.

An cultúr i nGaillimh, na tránna i dTír Chonaill, agus na daoine sa dá áit!

3. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ag dul chuig an trá sa samhradh (cibé cineál aimsire a bhí ann), ag dearadh ár gcuid cluichí cláir féin le mo dheirfiúr, agus ag imirt sacair le mo chairde i nGaillimh.

seaneile

4. Cuir síos ort féin le trí fhocal.

Uaillmhianach, faichilleach, ádhúil.

5. An rud is fearr faoi bheith i d’aisteoir?

Go dtugann sé leithscéal duit aithne a chur ar thíortha eile, amanna eile agus daoine eile, agus go bhfuil beagnach gach jab difriúil ón rud a tháinig roimhe.

6. Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?

An ceann deireanach a léigh mé ná ‘And Then There Were None’, an chéad leabhar de chuid Agatha Christie a léigh mé riamh – agus beidh mé ag tabhairt faoi thuilleadh!

7. Aon leabhar á léamh agat faoi láthair?

Ach anois díreach, tá mé ag léamh ‘Sister Agatha: The World’s Oldest Serial Killer’, leabhar faoi bhean rialta 118 bliain d’aois atá ag iarraidh a bheith ar an duine is sine ar domhan trí fháil réidh leis an gceathrar atá níos sine ná í!

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir?

Bhí mé ag iarraidh a bheith i mo pheileadóir agus mé níos óige, ach ní raibh mé maith go leor!

Is breá liom a bheith ag tógáil grianghrafanna, so b’fhéidir go mbeadh mé in ann rud eigin a dhéanamh as sin, nó bheadh sé dochreidte a bheith i do spásaire!

seanlar

9. An bhfuil aiféala ort as aon rud?

Bím cráite uaireanta.

Ach ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith ann nach bhfuil aiféala orthu faoi rud eicínt!

An rud is tábhachtaí ná an t-aiféala a úsáid le bheith níos ciallmhaire sa todhchaí agus gan ligint dó greim a fháil ort!

10. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An tSeapáin de bharr go bhfuil sé cosúil le bheith sa todhchaí, mar a léirítear í sna scannáin ó na 80idí. Nó an Nua-Shéalainn de bharr gur chuir sé an baile i gcuimhne dom!

11. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar Chríoch Lochlann agus na Saighneáin (Northern Lights) a fheiceáil.

12. Stáitse nó scáileán?

Sin í an cheist! Is breá liom meascán de dhá rud a dhéanamh… so ní roghnóidh mé! An chéad cheist eile!

13. Scannán clasaiceach ar fiú coimhéad air?

Butch Cassidy and the Sundance Kid

14. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?

Deacair a rá, ach airím uaim Robin Williams.

Sílim go raibh sé iontach i rólanna greannmhara nó dáiríre.

15. An tréith dhaonna is tábhachtaí, dar leat?

A bheith tuisceanach ar dhaoine eile.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Le linn na dtréimhsí ‘crua’ d’fhoghlaim mé cé chomh saor is atá cannaí pónairí (sna siopaí cearta). Bheadh mé in ann maireachtáil mí nó dhó ar €20 de phónairí!

17. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá dó nó di?

I nGaillimh, b’fhéidir dráma a fheiceáil, ansin cuairt a thabhairt ar an Black Magic Big Band a sheinneann ceol den scoth in Buskers Dé Luain, agus críochnú le deoch taobh amuigh de Thigh Neachtain, le píosa píotsa ó Pizza Napoli béal dorais!

klondike

18. An rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

Mar Ghael, sílim go bhfuil deis faighte agam ceangal níos doimhne a dhéanamh leis an tír seo agus lena stair. Tá sé tar éis pobal a chur ar fáil dom atá lán le daoine suimiúla agus paiseanta.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Moilleadóireacht. Bunaithe níos mó ar eagla/amhras, sílim, in áit leisciúlachta. Ach mar sin féin caithfidh mé greim a fháil air, nó ní dhéanfaidh mé gach rud ba mhaith liom sa saol seo!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Bhí ríméad orm nuair a fuair mé cúl do Na Gaeil Óga luath go leor théis dom tosú ar pheil ghaelach a imirt ag tús na bliana.

É sin, nó b’fhéidir nuair a chuala mé go raibh ainmniúchán IFTA bainte amach agam don aisteoireacht!

SCÉALTA EILE