Aisteoir, fidléir, scéalaí agus láithreoir is ea é Aindrias de Staic, fear ildánach a bhain cáil idirnáisiúnta amach lena léiriúcháin aonair amhail ‘Around the World on 80 Quid’ agus ‘The Man From Moogaga’, seónna a thug timpeall na cruinne é. Faoi láthair, tá an fuirseoir gaelach ag cur taispeántais le chéile ina mbeidh scéalta, ceol agus ábhar grinn ina chroílár. Labhair sé le NÓS faoina ghrúpa ‘The Latchikos’, faoin ghig ab fhearr a rinne sé go dtí seo agus faoi mhná na hÉireann a chuireann ag gáire agus ag caoineadh é!
1. Cárb as duit?
Scéal fada! Rugadh agus tógadh mé idir an Choirib agus an fharraige!
2. Trí rud a chuimhníonn tú orthu nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?
An Abhainn Dhubh, An Choirib, An tAigéan Atlantach
3. Trí fhocal a chuireann síos ort?
Beo go deo!
4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An India . . . is breá liom an suaimhneas atá ann.
5. Céard é an gig is mó a thaitin leat, cén fáth?
Vancouver Folk Festival, 2013. Bhí me ann leis na Latchikos agus d’éirigh thar cionn linn.
6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
Django ‘Dark Eyes’
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do cheoltóir/aisteoir nó láithreoir?
Latchiko eile!
8. An bhfuil aon aiféala ort?
Bhí . . . ach ní bhacaim leo a thuilleadh.
9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Micko Russel sa gcistin linn i nGaillimh fadó, é ag insint scéalta agus ag casadh ceoil le m’athair.
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Mná na hÉireann . . . gáire agus caoineadh!
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a n-eagrófá?
Ronnach don bhéile, ansin tae rooibos le seacláid dorcha agus ruaille buaille bébé!!
12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?
Daragh Devaney – an fear is fearr!
13. Stáitse nó Scannán?
Stáitse! Beo go deo!
14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
An ceol, an chraic, an cultúr
15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Django Reinhardt
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas bainc agat, céard a dhéanfá leis?
Mura mbeadh brádán fiáin ar fáil, gheobhainn ronnach, cál orgánach agus quinoa agus réiteoinn bia blasta don uile duine sa teach.
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Cúba – don cheol ‘s don chraic. Agus ba bhreá liom níos mó céimeanna salsa a fhoghlaim.
18. An bhfuil drochnósanna ar bith agat?
Tá cúpla ceann agam déarfainn . . . tá mé tógtha do rudaí milse . . . cácaí milse, seacláid srl . . .
19. Buaicphointe do shaoil go dtí seo?
Gig mór ar Lá Fhéile Pádraig san ‘Irving Plaza’ i gcathair Nua-Eabhrac i 2013. Bhí muid ag casadh roimh The Sawdoctors agus bhí breis agus cúig mhíle Éireannach sa lucht éisteachta ag béicíl agus ag damhsa!
20. Rud ar leith ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Ceoldráma d’fhéidir . . . agus níos mó oibre a dhéanamh mar aisteoir grinn.
Beidh Aindrias i bun ceoil agus craic óna 8i.n anocht, i gClub Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic, nuair a sheolfar feachtas sluamhaoinithe ‘Songs for Rossport’ agus é i dteannta Cian Finn, Cúla Búla agus baill den ghrúpa Latchikos. Bígí ann. Tuilleadh eolais anseo