Tar éis di an samhradh a chaitheamh i mbun damhsa ag féilte ceoil na tíre, tá Edwina Nig Eochaidhean, ar iar-Rós Liatroma í, ag díriú ar a club damhsa féin ‘Sean nós ar an tSionainn’ agus ar sheó nua damhsa ‘Sokalo’, atá ar taispeáint faoi láthair. Labhair sí linn faoi mhuintir Liatroma, faoina turas bliantúil go dtí an Bhealarúis agus faoina buaicphointe saoil go dtí seo! Is oth linn a rá go bhfuil sí geallta a chairde!
1. Cárb as duit?
Droim ar Snámh, Co. Liatroma.
2. Trí rud a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú faoi do cheantar dúchais?
Bród – tá an-bhród orm gur bean Liatroma mé!
Saoirse – ní chloíonn muintir Liatroma le clog ar bith agus caitheann siad leis an saol ar bhealach atá níos réchúisí ná an chuid eile den domhan.
Tréithe áille – atá le brath sna daoine agus sa cheantar!
3. Cé hí/hé an ceoltóir is fearr leat, cén fáth?
Éistim le gach sórt ceoil ach an ceoltóir is fearr liom ná Seamie O’Dowd. Sheasfainn sa bháisteach chun cluas a thabhairt dó – mar a rinne mé ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach i mbliana!
4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An Bhealarúis! Aisteach tá a fhios agam ach bím ag dul anonn gach bliain le hobair i dtearmann do pháistí a bhfuil deacrachtaí intinne agus míchumais acu, leis an gcarthanacht Chernobyl Children International. Bhí an-eagla orm agus mé ag dul anonn den chéad uair.
Is tír iontach éagsúil í i gcomparáid le hÉirinn ar go leor bealaí ach go háirithe sa tslí a gcaitear le páistí a bhfuil míchumais acu.
Dé réir mar a fhillim gach bliain, éiríonn sé níos fusa agus anois tá na páistí sa tearmann mar chairde maithe agam, díreach mar a bheadh mo theaghlach féin iontu agus bím ag súil go mór le gur féidir liom cuairt a thabhairt orthu arís.
5. Céard é an ghig is mó a thaitin leat, cén fáth?
Ag damhsa i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche ceannais na hÉireann. Lá den scoth!
6. An t-amhrán/píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl faoi láthair?
Rackhouse Pilfer – Bright Lights.
7. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
An stair; an teanga; cultúr saibhir s’againn!
8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl am agam dá leithéid. Bím ag díriú ar ghloine leathlán.
9. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Na burlaí tuí a thógáil isteach ar an bhfeirm, in éineacht mo sheanthuismitheoirí, mo thuismitheoirí, mo dheartháireacha agus m’uncail, gan dearmad a dhéanamh ar mo mhadra caorach. Ní hé gur cúnamh mór mise ach oiread. Bheinn níos minice ag suí ar an dtréiléar ag ithe uachtair reoite HB le habhlanna! Cheap mé gur bhanríon na feirme mé!
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Mo bhuachaill, mo chairde agus na páistí a bhím ag múineadh!
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Oíche lán ceoil agus damhsa!
12. Trí mhothúchán a chuireann síos ort nuair atá tú ag damhsa?
Saor, sásta agus an ceangal speisialta leis an gceol.
13. Céard í an tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?
Aon scannán le Fred Astaire.
14. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do dhamhsóir?
Bheinn i mo scannánóir, gan dabht ar bith. Seo muid ag cleachtadh ar bharr na Sí Móire don seó nua Sokalo:
15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Ceist dheacair! Níl a fhios agam ach ba mhaith liom a bheith cosúil le Jimmy Gralton.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cheannóinn seacláid ó Ballinskelligs Chocolates….nom nom nom nom nom!
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
Meiriceá Apaláiseach mar tá stíl damhsa agus ceol den scoth acu.
18. An t-amhrán is mó a thaitníonn leat le deich mbliana anuas?
‘Thirteen Valleys’ ó bhéal Seamie O’ Dowd.
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Tá leoga! Dúirt mé nár chloígh muintir Liatroma le clog ar bith. Is bean Liatroma go smior mé agus bím déanach i gcónaí!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Fuair mé geallta le mo ghrá geal an Nollaig seo caite. Is dóiche gur cheart dom sin a lua nó seans nach mbeidh muid geallta am Nollaig seo chugainn!
Beidh Soloka ar siúl sa Dock i gCora Droma Rúisc, Dé hAoine agus Dé Sathairn, 4-5 Meán Fómhair, sular mbeidh siad ag dul ar chamchuairt timpeall na tíre. Tuilleadh eolais ar edwinaguckian.com