60 soicind le…

Is aisteoir agus múinteoir ióga í cailín Chonamara Linda Bhreathnach atá ar ais i nGaillimh tar éis seal a chaitheamh in LA, SAM, agus í le feiceáil sa cheoldráma ‘Annie’ sa Taibhdhearc faoi láthair. Labhair sí linn faoin domhan mór atá siúlta aici, faoin cheangal láidir a thugann an Ghaeilge di dá tír féin, faoi laoch a ceantair – an dornálaí Seán Ó Mainnín – agus faoina páirt is déanaí mar Miss Hannigan! 


1. Cárb as duit?
Ros Muc, Conamara.

2. Trí rud a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar do cheantar dúchais?

– Na portaigh áille chiúine.
– An fharraige chumhachtach.
– An t-aer úr agus na daoine láidre nádúrtha. Sin ceithre rud!

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

Is mise Linda, há há.

4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann acu is fearr leat?

Éire. Tá mé théis a bheith i go leor áiteanna timpeall an domhain.

Bhí mé san Ind, sa Téalainn, chuaigh mé ar thuras bóthair trasna Mheiriceá Thuaidh, bhí mé i gCeanada agus i Meicsiceo.

Shiúil mé ó thaobh amháin den Spáinn go dtí an taobh eile ach fós féin is é an príomhrud a rinne sé sin ná gur thug sé níos mó measa dom don mbaile, agus do dhaoine sa tír seo.

Tá Éireannaigh chomh nádúrtha oscailte croíúil agus sásta a bheith ag caint agus ag spraoi leat.

5. Céard é an carachtar is mó a thaitin leat, atá curtha i láthair agat?

Bhuel, thaitin go leor páirteanna liom ar bhealaí éagsúla.

Thaitin an pháirt i Ros na Rún liom mar gur fhoghlaim mé an oiread ann.

Thaitin an pháirt in Corp agus Anam liom mar gheall ar na daoine a raibh mé ag obair leo.

Lindacorp

Ach an pháirt a fuair mé an méid is mó spraoi as ná an ceann atá ar siúl agam faoi láthair.

Tá mé ag déanamh Miss Hannigan in Annie sa Taibhdhearc faoi láthair agus tá sí chomh barrúil.

Is meisceoir í agus bíonn sí ag caitheamh toitíní ar stáitse agus ag tabhairt amach an t-am ar fad! Is breá liom í!

6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

Bím ag éisteach le Nina Simone agus Joni Mitchell gan stad.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir?

Tógadh i dteach tábhairne mé mar sin b’fhéidir go ndéanfainn rud éigin mar sin.

Is breá liom pubanna.

Bíonn daoine ag tabhairt amach fúthu ach is áit iad a mbíonn daoine ag cruinniú isteach agus ag teacht le chéile agus don chuid is mó bíonn daoine an-sásta nuair atá siad istigh iontu.

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Ní thugaim aon fhuinneamh d’aiféala mar ní dhéanann siad ciall.

Níl bealach ar bith go mbeadh a fhios ag duine céard a tharlódh dá mba rud é nár tharla an rud a tharla.

Aon uair a mbuaileann aiféala mé smaoiním air sin.

Ní thugaim aon chumhacht d’aiféala.

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Fuair mé capaillín beag nuair a bhí mé óg.

Ní raibh mé in ann é a chreidiúint. Bhí sé iontach.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Mo dheirfiúracha, mo mham agus mo dhaid – bím ag gáire leo an oiread.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá? 

Is maith liom caint agus comhrá maith le duine in áit a bhfuil tú in ann suí ar feadh achair fhada in atmaisféar deas agus éisteacht leis an duine, agus píosa cainte a dhéanamh tú féin.

Ceapaim nach bhfuil aon rud níos deise ar domhan.

12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?

Is maith Maria Doyle Kennedy. Tá sí iontach!

13. Stáitse nó Teilifís?

Níl mé in ann rogha a dhéanamh –  tá sé ar nós úlla agus oráistí.

Amanna bíonn úll go deas agus amanna bíonn oráiste go deas.

Linda

14. Céard é an rud is fearr faoin Ghaeilge?

An rud is fearr faoin Ghaeilge ná go dtugann sé ceangal láidir duit go háit.

Tugann sé an mothúchán duit go bhfuil tú mar chuid de rud éigin atá níos mó ná tú féin.

15. Cén pearsa is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Sean Ó Mainnín. Tá bród fós ar mhuintir Chonamara as Seán, a bhí áirithe ar dhuine de na dórnalaíthe ab fearr ar domhan, agus a throid i Madison Square Garden ar son chraobh mheánmheáchan éadrom an domhain.

Chuir sé Ros Muc ar an mapa.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cheannóinn leabhar ón siopa dara láimhe, bláthanna, cupán tae dom féin agus do chara agus chaithfinn cúpla euro i dtreo duine atá ag buscáil.

Ceapaim go gcuireann ceoltóirí sráide go mór le cathracha.

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Ba mhaith liom obair le carthanacht san Afraic.

Ar feadh i bhfad, bhí amhras orm faoi cé chomh cabhrach a bheadh sé ach sílim anois, théis a bheith ag labhairt le go leor daoine, gur féidir obair fhiúntach a bhaint amach.

Lindagorm

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Tá mé cinnte go bhfuil go leor agam ach níl a fhios agam céard iad féin b’fhéidir.

Tá go leor de na drochnósanna – a bheith ag caitheamh toitíní, ag ithe drochbhia – imithe le haois agus níos mó céille agam.

Cuirim rudaí ar an mhéar fhada. B’fhearr liom a bheith níos fearr ar an mbealach sin.

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

– Nuair a rugadh mo cheathrar neach agus nia amháin.

– Nuair a shiúil mé 500 míle trasna na hEorpa ar an Camino de Santiago… bhí sé deacair ach chomh hálainn agus b’fhiú é.

– Ag dul go dtí an Ind liom féin chun staidéar a dhéanamh ar an ióga.

– Ag bogadh go California agus ag taisteal ar fud Mheiriceá liom féin.

– Ag fáil conartha le comhlacht iontach aisteoireachta i gCalifornia.

– Ag marcaíocht capaill ó thaobh amháin de Chonamara go dtí an taobh eile.

20. Rud ar leith ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

Tuilleadh staidéir b’fhéidir ach thar aon rud eile ba mhaith liom a bheith buíoch agus sásta as an méid atá agam.

SCÉALTA EILE