Aisteoir scáileáin agus stáitse í Tara Breathnach a bhí le feiceáil i gcláracha iomráiteacha ar nós ‘Ros na Rún’, ‘Na Cloigne’, ‘Corp agus Anam’ agus ‘The Last Days of Ann Boleyn’ go dtí seo, agus i mbliana d’éirigh léi áit ar ghearrliosta IFTA a bhaint amach sa rannóg ‘Ban-aisteoir i bPríomhról Scannáin’ le haghaidh a páirte in ‘A Nightingale Falling’.
Tá Tara díreach i ndiaidh an dráma ardáin ‘Walking to the Ark’ a chríochnú leis an Playhouse i nDoire agus ní fada anois go mbeidh sí le feiceáil sa ghearrscannán ‘Maidhm’ ag Film Fleadh na Gaillimhe.
Labhair sí linn faoina céad ghig riamh, faoina cat Robot (ainm iontach, dar linn!) agus faoi bhuaicphointe a saoil go dtí seo.
1. Cárb as duit?
Cnoc na Cathrach, Gaillimh.
2. Trí fhocal a chuireann síos ort?
Fuinniúil, fiosrach, lán físe.
3. Trí rud a ritheann leat nuair a luaitear do cheantar dúchais?
An fharraige, Coill Bhearna agus Cnoc na Cathrach mar a bhí, sular tógadh na tithe uilig.
4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Ár dtír féin! Ní bhuaileann tada Oileáin Árann.
5. Céard é an gig is mó a thaitin leat, cén fáth?
An Big Day Out i nGaillimh, 1996. Mo chéad ghig ariamh agus bhí Radiohead, Nenah Cherry, Divine Comedy, The Cardigans agus neart eile ag bualadh. Dochreidte!
6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
Bruce Springsteen, tugann sé fuinneamh iontach dom!
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’aisteoir?
Bheinn ag péinteáil agus ag dearadh cultacha don stáitse.
8. An bhfuil aon aiféala agat?
Nach bhfuil mé in ann ceol – bá bhreá liom dá mbeadh party piece agam!
9. Cad é an cuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Mo mhadra Purdey a bhí mar mo chara is fearr agus mé ag fás suas. Déarfadh daid i gcónaí go raibh sí mar spré ag mo mham!
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Mo chat Robot.. carachtar ceart atá ann!
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Bheadh orm mo pháirtí a thabhairt in éindí liom!
12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?
Marie Mullen. Is laoch de mo chuid í.
13. Stáitse nó scannán?
Bíonn dúshlán faoi leith ag baint leis an dá rud… dúshláin agus deiseanna.
14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
Mothaím go bhfuil nasc láidir agam le mo shinsir agus leis an timpeallacht ina bhfuil mé i mo chónaí. Is bronntanas í an Ghaeilge.
15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Bhí mé ag iarraidh a bheith cosúil le Gráinne Mhaol nuair a bhí mé óg! Anois ba bhreá liom a bheith cosúil le Siobhán Mc Kenna.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
É a roinnt le mo pháirtí agus picnic, peann luaidhe agus páipéar a cheannach agus tráthnóna a chaitheamh ag péinteáil!
17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
An tSualainn: tá cara de mo chuid ina cónaí ansin agus rinne sí cur síos iontach dom ar an áit. Is cosúil go bhfuil an tír an-spéisiúil ó thaobh faisin, ealaíon, cultúir srl. de.
18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Ní féidir liom an teach a fhágáil gan mo mhuigín taistil. “Marbh le tae…”
19. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Ainmniúchán a fháil do na gradaim IFTA i mbliana.
20. Rud ar leith ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Dráma clasaiceach ar stáitse de chuid Friel nó McGuinness.