Achainí ar líne le hAisling Ghéar a shábháil

achainí ar líne tosaithe ag lucht stiúrtha an chompántais ealaíon Aisling Ghéar, achainí a sheolfar chuig an gComhairle Ealaíon in iarracht an maoiniú bliantúil a thugtaí don chompántas a fháil ar ais. Tá an compántas i mbagairt a dhúnta ó chuir an Chomhairle Ealaíon in iúl dóibh le deireanas nár éirigh le hiarratas Aisling Ghéar sa bhabhta maoinithe is deireanaí. Tá an compántas Feirsteach ar an bhfód le 25 bliain, agus níl a leithéid de chompántas ealaíon Gaeilge áit ar bith eile sna Sé Chontae.

Tá an compántas lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ó bhí 1997 ann agus ó shin i leith tá “léirithe uathúla” tugtha acu do lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Ar na léirithe móra sin bhí Aistriúcháin le Brian Friel, aistrithe ag Gearóid Ó CAirealláin; An Béal Bocht le Myles na gCopaleen agus curtha in oiriúint don stáitse ag Bríd Ó Gallchóir; The Wheelchair Monologues; leagan dátheangach den dráma Stones in his Pockets le Marie Jones; agus Is Iomaí Rud a Tharla, inar insíodh scéal Bhóthar Sheoighe in Iarthar Bhéal Feirste. 

Maíonn lucht an chompántais go “gcuirfeadh dúnadh an chomhlachta deireadh leis an triail amharclannach, marthanach, nuálach agus forásach”, agus go bhfuil bagairt a dhúnta anois roimhe “de thoradh cinneadh atá déanta ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann”. 

Deir siad gur “streachailt leanúnach” é leibhéal agus an caighdeán na gníomhaíochta a chothú ó gearradh an maoiniú i rith thréimhse na géire i ndiaidh an chúlú eacnamaíochta in 2008, maoiniú nár tugadh ar ais arís. Cé go bhfuil foinsí eile maoinithe aimsithe ag Aisling Ghéar deir siad nach féidir leanacht ar aghaidh “gan an croí-mhaoiniú a fuair an comhlacht ó Scéim an Chláir Mhaoinithe Bhliantúil le deich mbliana anuas”.

“Tá an cinneadh seo ag an Chomhairle Ealaíon le maoiniú Aisling Ghéar a ghearradh ag teacht ag am ar éirigh linn ár bhfoinsí maoinithe agus ár réimse gníomhaíochtaí a éagsúlú, agus ag pointe nuair atá muid le léiriúchán nua iontach a thabhairt chuig Féile Imill Bhaile Átha Cliath den chéad uair i stair an chomhlachta,” a dúradh i litir atá le cur faoi bhráid na Comhairle Ealaíon níos deireanaí an mhí seo. 

Tá lucht an chompántais ag iarraidh ar a lucht tacaíochta ar fud na hÉireann a n-ainm a chur leis an litir agus iarraidh ar an gComhairle Ealaíon “an cinneadh a mhalartú agus leanúint ar aghaidh lena tacaíocht do chomhlacht beoga a chuireann go mór le saol cultúrtha Thuaisceart Éireann”.