Tá aisteoirí á lorg ag an gcomplacht aisteoirí aitheanta Fíbín le páirt a ghlacadh sa dráma An Triail a bheidh á léiriú ag an gcomplacht ar fud na hÉireann níos deireanaí i mbliana. Beidh an dráma, atá ar churaclam Gaeilge na hArdteiste, á léiriú i sé mhórionad timpeall na tíre i mí Dheireadh Fómhair.
Tá cáil mhór ar léirithe Fíbín agus ar an léargas úr a thugann siad ar sheanscéalta agus ar théacsanna atá ar shiollabais scoile. Níos túisce i mbliana, thuill a léiriú de Tóraíocht leagan nua de scéal Dhiarmada agus Ghráinne ón bhFiannaíocht ardmholadh agus bíonn an-tóir ar An Triail bliain i ndiaidh bliana. Seo í an 12ú camchuairt den dráma áirithe seo agus tá cliar nua aisteoirí á lorg ag an gcomplacht Gaeltachta. Cé gur scríobhadh an dráma os cionn 50 bliain ó shin tá go leor den ábhar agus na téamaí a phléitear ann go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann, na Neachtlanna Mhaigdiléana, an ginmhilleadh éigeantach agus an féinmharú ina measc.
Maíonn Fíbín go dtabharfaidh a léiriú siúd “plota a bhreathnaíonn as dáta” isteach i gcomhthéacs an tsochaí nua-aimseartha agus go dtabharfar aird ar na ceisteanna a bhíonn ag múinteoirí agus daltaí araon faoin téacs.
Mar a bhíonn i gceist le léirithe eile de chuid Fíbín ní hí an aisteoireacht amháin a bheidh ar bun ag na haisteoirí ach bainfear úsáid as puipéid, maisc agus cleasa eile leis an scéal a inseacht. Beidh ar chuile aisteoir ceithre nó cúig pháirt a léiriú leis na carachtair ar fad atá sa dráma a chur ar an ardán.
Beidh na héisteachtaí ar siúl in Amharclann Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic i nGaillimh ar an Aoine 27 Iúil ón 10r.n-2i.n. Tá roinnt róil le líonadh, idir fhir agus mhná agus ní mór Gaeilge líofa agus taithí aisteoireachta a bheith ag gach duine a chuireann isteach ar na héisteachtaí. Tá tuilleadh eolais maidir leis na héisteachtaí ar fáil ó Fíbín féin.