‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, Scoil Bhríde, Bóthar Oakley, Raghnallach / 23-24 Aibreán @ 20:00
Bhí caint agam ar dhá dhráma atá á gcleachtadh ag Aisteoirí Bulfin faoi láthair in alt anseo roinnt seachtainí ó shin.
Bhí an grúpa ag taisteal go Ciarraí ag an am le freastal ar cheann d’fhéilte áitiúla an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, leis na drámaí ‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’.
Dála an scéil, i rith na seachtaine ainmníodh ‘Cúirt an Mheán Oíche’ ar liosta na ndrámaí a bheidh á léiriú ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta in Indreabhán i mí Bealtaine.
Comhghairdeas leo!
Mura raibh deis agaibh iad a fheiscint i gCiarraí, beidh deis agaibh faire ar an dá dhráma aon-ghníomh seo arís i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine.
Déardaoin agus Aoine seo chugainn a bheidh an cliar ar stáitse i Scoil Bhríde, atá ar Bhóthar Oakley i Raghnallach.
Tá €10 ar thicéid agus €8 ar lascaine.