AL Porter ag GOA

Ar ais ar a shean-mheánscoil le Al Porter agus é ag ullmhú dá chéad seit grinn i nGaeilge le GaelGÁIRÍ, a bheidh ar siúl i nGaillimh anocht mar chuid den Vodaphone Comedy Festival 2015. Labhair sé le NÓS faoi.


Beidh Al Porter, duine de na fuirseoirí óga is mó le rá sa tír, ag cur jócanna i láthair na nGael i nGaillimh anocht agus é tar éis tréimhse a chaitheamh ar ais ina shean-mheánscoil i mbun ullmhúcháin don oíche mhór.

Seo an chéad uair ag Al bheith ar ardán GaelGÁIRÍ agus, ag labhairt dó go dóchasach le NÓS, dúirt sé go bhfuil sé ag súil go mbeidh an lucht féachana ‘tuisceanach’ agus ‘sásta’ lena iarracht.

Ní Al an chéad fhuirseoir iomráiteach lena leithéid a mhaíomh ach oiread.

Thug Michael Mee agus Kevin McAleer faoin dúshlán céanna seit grinn a chur i láthair ar oíche de chuid GaelGÁIRÍ níos luaithe i mbliana agus d’éirigh thar cinn leo na Gaeil a chur ag GOA!

D’admhaigh Al gur shíl sé nach mbeadh ag teastáil ach “rúinín beag dul siar” chun snas a chur ar a sheit agus laethanta samhraidh a óige caite aige ag gabháil don Ghaeilge ar Oileán Árann.

“Ba ghnách liom dul go Coláiste na nOileán gach samhradh. Bhí mé i mo dhalta, ansin mar chinnire agus mar chúntóir sa deireadh.

“Bheinn ag cur scripteanna le chéile do dhrámaí beaga, nó i mbun díospóireachtaí agus ábalta labhairt faoi gach aon saghas ábhair agus mé óg,” arsa an fuirseoir rathúil, atá 21 bliain d’aois.

Al-Porter (1)

Cé nár labhair sé Gaeilge le roinnt blianta, dúirt sé gur cuireadh ionadh air go raibh an líofacht imithe uaidh, ach “surely leis an gcaighdeán an-ard a bhí agam, it’ll be alright!”

Ach ní mar a shíltear a bhítear agus bheartaigh sé filleadh ar Mheánscoil Naomh Mharcuis i dTamhlacht, Baile Átha Cliath, áit ar fhreastal sé ar scoil, chun comhairle a fháil óna mhúinteoir Gaeilge faoi ‘na húrús’ agus na bunrudaí a ligeadh i ndearmad.

“Ar deireadh rinne muid aistriúchán ar an ábhar a bhí réitithe agam,” a mhíníonn fear Thamhlachta.

“Ansin, faigheann tú amach nach bhfuil rudaí chomh greannmhar sin nuair a dhéantar aistriúchán air, go bhfuil sé ag brath ar rudaí a bhaineann leis an mbunteanga.”

I measc an ábhair nuascríofa a chuir Al le chéile don oíche anocht, beidh sé ag déanamh plé ar chúrsaí reatha, agus díreoidh sé ar na laethanta a chaith sé sa Ghaeltacht nuair a shíl sé féin agus na buachaillí eile sa teach go raibh bean a’ tí i mbun “orgy mór aisteach”.

Bí siúráilte chomh maith go mbeidh caint ann faoi éagsúlacht agus áilleacht na gcanúintí – Muintir Uladh, bígí ar an airdeall!

In éindí leis ar an oíche, beidh ‘An Gaeilgeoir is Greannmhaire’ Seán T. Ó Meallaigh, Áine Gallagher a tháinig sa dara háit sa ‘Funny Women Awards’ i Sasana anuraidh, Martin Angolo, buaiteoir na hÉireann sna Chortle Student Comedy Awards, chomh maith le Ger Staunton, Eoin P. Ó Murchú agus Andy Ó Faoláin.


Beidh GaelGÁIRÍ sa Loft@Seven, ar Shráid an Droichid, Gaillimh óna 8in. Faigh ticéad anseo.

SCÉALTA EILE