‘An duirc í seo a cheapaim romham?’

Beidh leagan Gaeilge den mhórdráma cáiliúil Macbeth á léiriú ag an gcompántas aitheanta drámaíochta Fíbín ag deireadh na míosa seo. Is ina gceannáras nua in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh Mac an Bheatha á chur ar an ardán ag Fíbín — an tríú dráma ann ó osclaíodh an t-ionad nua ag tús an fhómhair. 

Is leagan nua-aistrithe é seo de Macbeth a rinne an t-aisteoir agus an t-aistritheoir Seán Ó Tarpaigh, as Cill Mhóibhí i Maigh Eo, agus é curtha in eagar ag Stephen Darcy. Cuirfear léamh nua ar scéal Shakespeare i láthair an lucht féachana agus Mac an Bheatha lonnaithe i “gclub d’fhíor-náisiúnaithe am éigin sa todhchaí”. 

“Macbeth á shamhlú as an nua” atá ann, a deir Fíbín, agus tumfar an lucht féachana “isteach i ndomhan uaillmhianach gan dlí”. Ní dráma ach “gig punc le scéal” a ghealltar, agus ceol beo á chasadh ag na Cailleacha le linn an léirithe. Ní bheidh aon phuipéad ná masc á úsáid mar a bheifí ag súil ó léiriú de chuid Fíbín. 

Is é Lochlann Ó Mearáin a bheidh sa bpríomhról sa dráma. Seo an chéad dráma stáitse ag Lochlann tar éis dó a bheith ar scáileán le fada. Aithneoidh an lucht féachana ó na drámaí teilifíse The Musketeers, Outlander é, chomh maith leis na scannáin King Arthur agus Pilgrimage. Is í Liz Fitzgibbon a bheidh i ról Bhean Mhic an Bheatha. Bhí Liz sa dráma Tóraíocht a léirigh Fíbín dhá bhliain ó shin. 

Ar na haisteoirí eile a bheidh sa léiriú an tseachtain seo beidh Áine Ní Laoghaire i ról Bhánchú, dlúthchara Mhic an Bheatha, Garret Keogh i ról an Rí Donncha, agus Ruairí Heading i ról Mhacdubh. 

Beidh Mac an Bheatha á léiriú ag Fíbín ina gceannáras nua, Halla na Tulaí i nGaeltacht na Gaillimhe, ar an 23/24 Samhain. Léireofar idir an 27-30 Samhain i Printworks i gcathair na Gaillimhe é.

Aistríodh Macbeth go Gaeilge den chéad uair in 1925. Labhrás S Ó Súilleabháin a d’aistrigh An Brón-Chluiche Macbeit an bhliain sin, cé gur fhág sé trí shliocht gan aistriú ann.

Bhí radhairc as Macbeth san áireamh sa leabhar Radhairc as Drámaí Shakespeare, cnuasach aistriúchán le Gearóid Ó Lochlainn, a foilsíodh in 1965.

Chuir an tOllamh Nicholas Williams leagan athchóirithe de thiontú Uí Shúilleabháin amach in 2007 faoin teideal Traigéide Mhic Bheatha.

SCÉALTA EILE