Anseo atá cónaí ar arrachtaigh


Chuaigh mé le breathnú ar Before Monsters Were Made aréir sa Project Arts Centre, Barra an Teampaill.

Nuair a chuala gurbh é Ross Dungan a scríobh, fear a chuir an tseoid The Life and Sort of Death of Eric Argyle inár láthair cheana, ní raibh aon cheist ach go ndéanfainn gach iarracht freastal air.

Éinne a chonaic sárléiriú Eric Argyle cuimhneoidh siad ar dhráma ríshuimiúil a raibh rian an scéalaí go trom air, léiriú aduain aisteach ar shaol fir a chuaigh siar is aniar.
Scéinséir de dhráma a bhfuil léasanna dóchais is grinn breac tríd é Before Monsters Were Made.

Tarraingeoidh Peter Coonan (Love/Hate) go leor daoine chuige cinnte agus tá slua mór tuillte agus ag teastáil ó dhrámaí mar seo.

Tá seit iontach ann, ar gá siúl thairis le dul isteach i do shuíocháin ar dtús, seantroscáin spréite agus urlár déanta as cláir adhmaid.

Cruthaítear teach agus an áit taobh amuigh i mbealach an-simplí éifeachtúil.

Baintear an-úsáid as solas le seomraí, tithe agus amanna éagsúla a léiriú.

Léiríonn an dráma féin tábhacht scéalta agus ráflaí, cúlchaint agus mar a athraíonn scéal ó dhuine go duine is ó insint go hinsint.

Mar sin leis an dráma féin mar is cinnte go mbeidh a léamh féin ag go leor agus é faoi lán seoil.

Téitear ón leathfhíric a chaitear amach romhat sula sciobtar uait é, go leathmhíniú iontaofa nach féidir muinín a bheith agat as.

Tá lonnaithe i leagan samhailteach de Bhéal an Átha, áit éigin le stíl ‘kitschúil’ na seascaidí roimh theacht na bhfón póca.

Ról ag an gceol pianó féin ann agus é ag damhsa leis an dorchadas agus leis na scáileanna.

Before-Monsters-were-Made

Bainfidh sé léim asat chomh maith.

Tumann tú go grinneall agus taoscann leis na harrachtaigh agus mórphéisteanna sin atá greamaithe go domhain doráite inár sochaí.

Is mór dom a rá go bhfuil an reacaireacht go seoigh ar fad.

Luíonn tú i mbos láimhe ag an drámadóir, é ag spraoi leat agus tú ar tinneall ag súil leis an gcéad chanta eile den scéal a chlos.

Is mór an gar é Manus Halligan a thugann go leor faoisimh don slua agus an dráma ag treabhadh leis trí thonnta tromchúiseacha, shamhlófá leathbhaol scigphictiúr de Dougal Father Ted ach éiríonn leis an dráma sin a scaipeadh ar fad, leis.

Baintear úsáid sáréifeachtach as spléachadh chun tosaigh measctha leis an am i láthair, dhá radharc buailte anuas ar a chéile ag tarlú ag an am céanna, na carachtair idir dhá stól agus idir dhá dhomhan.

Tá sé dochreidte ar fad, rud nach bhfeicfidh tú i scannán a riamh mar nach féidir a dhéanamh ar an scáileán.

Cailltear beagán de theaspach an chéad leatha sa deireadh is dócha.

Is féidir go bhfuil ró-rian de deus ex machina anseo nó ansiúd agus is ró-mhacalla a bhaintear as buanchruthanna áirithe ach scéal é a shúnn agus a choinníonn aird go deireadh báire.

Téigh ann mar gur cinnte go dtaitneoidh sé leat… mura dtaitníonn chuile sheans nach n-oireann drámaí duit!


Ar siúl anois sa Project Arts Centre, BÁC, go 16 Bealtaine, 8.00in. Ticéid €18/16
Foireann: Janice Byrne, Peter Coonan, Lorcan Cranitch, Orla Fitzgerald, Manus Halligan, Zena Donnelly agus Ava McKevitt.
Scríofa ag Ross Dungan. Stiúrtha ag Ben Kidd.

SCÉALTA EILE