Tá go leor comórtas ann faoi láthair chun ticéid a bhuachan don fhéile mhór cheoil Electric Picnic – a bheas ar siúl i gContae Laoise ag tús Mheán Fómhair – ach níl mórán chomh samhlaíoch, ná chomh dúshlánach, le comórtas GaelGÁIRÍ.
Tá an club grinn is Gaelaí sa tír ag reáchtáil oíche speisialta amárach (Dé Sathairn) i mBaile Átha Cliath ina mbeidh deis ag daoine ticéad, mar aon le gig ar ardán an Phubaill Ghaeilge, a aimsiú.
Chun a bheith san iomaíocht don duais iontach seo níl le déanamh agat ach páirt a ghlacadh i seó grinn GaelGÁIRÍ i gClub Chonradh na Gaeilge – is é sin seasamh os comhair slua ar feadh 5 nóiméad agus gáire a bhaint astu.
An duine is mó a chuireann ag gáire iad, buafaidh siad an ticéad!
Má tá spéis agat nó ag cara páirt a ghlacadh, díreach téigh chun cainte le GaelGÁIRÍ ag gaelgairi@gmail.com.
Beidh cabhair agus cúnamh ar fáil d’aon duine atá ag iarraidh triail a bhaint as an cheird agus beidh fuirseoirí aitheanta ann ar an oíche chomh maith.
€5 atá ar an doras, tosaíonn an chraic ar 9in agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Ádh mór, agus seans go bhfeicfidh muid ag EP thú!