Sa bhliain 2008 iarradh ar an scríbhneoir seo eagrán de dhánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna a sheoladh i gCill Airne, Ciarraí. Agus an cúram curtha díom agam thugas faoi ndeara, ar sheastán beag in aice láimhe, leabhar ar díol dar teideal The Shakespeare Conspiracies. Cheannaíos, d’ardaíos liom is léas.
Chuir a raibh sa leabhar ar mo shúile dom ná féadfaí a rá ná raibh lámh ag Francis Bacon i gcumadh scríbhinní Shakespeare – murarbh é Shakespeare féin é go deimhin. Anois, le blianta is le míonna beaga anuas tá fianaise an-láidir curtha agus á cur ar fáil, ar YouTube, gur dhuine eile a bhí in Shakespeare – Edward de Vere (1550-1604), an seachtú hIarla déag Oxford.¹
Bhí ceisteanna á n-ardú i dtaobh údar scríbhinní Shakespeare chomh luath le 1592 ag isteach is amach le fiche duine, deich mbliana fichead sular deineadh aon nasc idir an corpus scríbhinní sin agus William Shakspere [gan ‘e’ idir ‘k’ is ‘s’] (1564-1616), Stratford-upon-Avon. Nochtaíodh amhras níos mó ná tríocha uair roimh 1616. Comhartha ar bhréagainm is ea fleiscín a bheith ann: tugadh ‘Shake-speare’ air, mar shampla amháin, in 1594. Níor bhain fear Stratford riamh earraíocht as an leagan san.
‘To our English Terence Mr. Will: Shake-speare’ an ceannteideal le heipeagram (uimhir 159) le ‘John Davies of Hereford’. D’úsáid beirt scríbhneoirí Laidine, sa tseanaimsir sa Róimh, an focal so Terence mar bhréagainm (Aifriceach ab ea Terence) lena gcuid scríbhneoireachta féin a cheilt.²
Dúirt Thomas Edwards in 1595 go raibh Shakespeare “deafly masking through”, ag tabhairt le fios gur aghaidh fidil a bhí á ‘caitheamh’ aige; luaigh John Weever timpeall an ama chéanna “a certain writer spurious” i dtaca leis an drámadóir.³
Aisteoir, scairshealbhóir in amharclanna is bróicéir drámaí ab ea Shakspere Stratford-upon-Avon. An nath úd, ‘Sweet Swan of Avon’ ag Ben Jonson ina réamhrá véarsaíochta leis an ‘First Folio’, 1623 (drámaí Shakespeare), ná tuigtear gur don abhainn a ritheann trí Stratford-on-Avon, Warwickshire, atáthar ag tagairt. ‘Avonia’ an seanainm ar Hampton Court, ar bhruach an Thames i Londain, mar a raibh cúirt Eilís I, Banríon Shasana, agus mar a mbíodh de Vere i láthair go minic. Ó thaobh fear Stratford a bheith ina scríbhneoir, níl laoi ná litir againn uaidh! Tá 77 litir le de Vere ar fáil agus saothair le tríocha trí scríbhneoir tiomnaithe dó.
Ba é J. Thomas Looney (1870-1944), máistir scoile in Gateshead, Co. Durham, Sasana, an chéad duine riamh a dhein próifíl de Shakespeare (Shakespeare Identified, 1920), tar éis dó na drámaí is an fhilíocht a scrúdú, agus níor deineadh a leithéid de phróifíl ó shin. Ocht dtréith déag a chaithfeadh a bheith ag Shakespeare, dar le Looney; ní luaim anois ach dhá cheann – duine den uasaicme a bhí ann (bhí an teideal ‘Lord High Chamberlain’ Shasana ag Edward de Vere), agus luí aige, dhealródh, leis an gCaitliceachas.⁴
Tá fianaise scríofa chomhaimseartha, sna blianta 1605 agus 1609, go raibh a fhios ag daoine ag an am go raibh Shakespeare marbh cheana féin⁵ – d’éag de Vere in 1604.
Níl aon fhianaise gur cumadh aon dráma de chuid Shakespeare tar éis 1604. Agus ní mór, dá réir, dátú na ndrámaí, an dátú atá déanta go dtí seo a chur siar tuairim is ceithre bliana déag. Saolaíodh Shakspere (1564) ró-dhéanach chun a bheith ag teacht le hamlíne cumtha drámaí Shakespeare. Tá cruthaithe gur cumadh an dráma The Tempest, cuir i gcás, i bhfad níos luaithe ná an dáta traidisiúnta.⁶
Thug an seachtú hIarla déag Oxford tuairim is bliain san Iodáil in 1575/76; tá trí cinn déag de dhrámaí Shakespeare suite sa tír sin agus mioneolas fairsing beacht i dtaobh na tíre sin léirithe iontu. Sampla suntasach amach is amach is ea é seo: gurbh eol do Shakespeare/de Vere go raibh crainn seiceamair ag fás in aice le falla iarthair bhaile Verona (sa dráma The Tragedy of Romeo and Juliet) – eolas nach raibh in aon fhoinse a d’fhéadfadh a bheith ag Shakespeare. Tagraíonn Alex McNeil do na cosúlachtaí idir eachtraí a thit amach i saol de Vere agus a macasamhail in The Merchant of Venice, maraon le drámaí eile.⁷
Fuair de Vere £1000, suim ollmhór ag an am, ón mBanríon Eilís I, a raibh ‘polasaí drámaí’ ag a rialtas, gach bliain ar feadh ocht mbliana déag ó 1586 go dtí go bhfuair sé bás in 1604.⁸
Trí cinn déag de na drámaí, is le ríthe nó monarcacht a bhainid is d’fhéadfaí a thuairimiú gur ag tacú le dlisteanacht réimeas na dTúdarach a bhí Shakespeare sna drámaí so.
Bhí fiacha troma tubaisteacha ar Iarla Oxford in 1591 – theip air an cíos a íoc ar ionad, teach screaptra, mar a raibh sé ina phátrún ar ghrúpa scríbhneoirí is scoláirí – dáréag drámadóirí ina measc (ba é de Vere an pátrún ba láidre ag drámadóiri Shasana sna 1580idí).⁹ Bhí beirt den aicme sin (John Lyly is Anthony Mund[a]y) ina rúnaithe aige ag an am gcéanna. Is de shuntas é gur go gairid ina dhiaidh sin, in 1593, a baineadh earraíocht as an téarma ‘Shakespeare’ den gcéad uair sa dán fada Venus and Adonis, a bhfuil fianaise dhobhréagnaithe ann gurbh é de Vere a cheap (agus nárbh é an chéad dán aige é).
Bhí roghanna ag de Vere ag an bpointe sin. B’fhéidir gurbh é an cinneadh ba chliste é ainm/sloinne duine a bhí ann go fíor – William Shak[e]spe[a]re, aisteoir ó Stratford – a roghnú. Tá áiteamh eile ag Chiljan: gur ag tagairt do ‘tilting’ nó ‘jousting’ atá ‘shake-speare’, go raibh sé á úsáid chomh luath le 1574, agus gur tagairt é, seans maith, don mbandia Pallas/Athena/Minerva.¹⁰
Is d’Iarla Southampton, Henry Wriothesly, atá Venus and Adonis tiomnaithe, an duine céanna a deirtear go mbítear ag tagairt go minic sna soinéid. Scríobhadh Wriothesly soinéid é féin agus freagairt, i bhfoirm macallaí, orthu san is ea cuid de shoinéid Shakespeare. Áitíonn Alexander Waugh gurb é is brí le ‘vulgar scandal’ i Soinéad 112 Shakespeare ná seo: gur spreag de Vere Iarla Southampton chun oidhre mic a ghiniúint dó le Penelope Rich (deirfiúr Iarla Essex) gur rugadh Henry (1593) ‘an t-ochtú hIarla déag Oxford’, ach gur mhac mídhlisteanach é an Henry san.
In anailís ar línte ó shaothar filíochta ón mbliain 1595, Polimanteia, cruthaíonn Waugh an méid seo a leanas go máistriúil: gurb ionann, sa saothar san, ‘Cleopatra’ is Penelope Rich, ‘Oxford’ is Edward de Vere, ‘Delia’ is Henry Wriothesly. Bliain roimhe sin, in 1594, sa saothar úd Willobie His Avisa (saothar a cuireadh faoi chois cúig bliana níos déanaí) tagann daoine éagsúla i láthair Penelope ag suirí léi – ‘d.b’ (de Vere), ‘h.w’ (Henry Wriothesly), ‘w.s’ (William Shakespeare). Tugtar le tuiscint go raibh leannán luí, Penelope, i bpáirt ag Shakespeare agus Wriothesly – mar a bhíonn, is cosúil, i soinéid Shakespeare, leis. Ina theannta san uile, tá an fíor-anagram so sa dán: ‘courte-deare-verse’, ar mar a chéile é is ‘our de vere a secret’.¹¹
File faoi cheilt ab ea Edward de Vere, é ina ‘Adon [Tiarna] deafly masking thro’ (1595). Ba bhaol dó dá mbeadh sé ag feidhmiú go hoscailte i réimeas Eilíse mar fhile nó mar dhrámadóir. Ba do chúirt na Banríona a bhí sé ag soláthar litríochta agus siamsaíochta. Cuir i gcás, col ceathrair leis an Iarla ab ea bean John Stubbs áirithe, ar baineadh leathláimh de, an ceann a bhíodh á húsáid aige chun scríobh. Ina theannta san, ba é an Tiarna Burghley, duine den triúr ba chumhachtaí sa tír (An Bhanríon Eilís I is Francis Walsingham an bheirt eile), athair céile de Vere.
Tá an-fhianaise, i bhfoirm sifir, cóid, anagram, á tabhairt chun solais sna soinéid féin gurbh é de Vere a chum iad. Mar shampla, bíonn brí faoi leith leis an uimhir ‘17’ iontu (an seachtú hIarla déag), chomh maith le ‘40’ agus ‘4T’ na Máisiún; bíonn an dá uimhir seo le fáil go mion minic in oeuvre Shakespeare, ag tabhairt nod don eolach gur de Vere atá i gceist.
Ba é ‘1740’ códuimhir phearsanta de Vere, bunaithe ar a ainm is a theideal: ‘Edward Oxenford’ <> ‘VVilliam Shakespeare’. Tá ‘1740’ faoi cheilt sa dá leagan so toisc go mbíonn a luach féin ag gach litir (luach 20 ag ‘V’ mór, mar shampla) – go deimhin, scáthán an dara ceann – ‘4017’ i bhfolach ann – ar an gcéad cheann.
Ba sa bhliain 1740, chomh maith, a cuireadh inscríbhinn os cionn uaigh de Vere i Mainistir Westminster.¹²
Tá mion-fhianaise láidir curtha ar fáil le déanaí ag Ron Roffel, de thoradh taighde ar shoinéid 125 agus 126, gurbh é a bhí in Shakespeare, Edward de Vere, an seachtú hIarla déag Oxford.¹³
Bhí Iarlaí Essex agus Southampton, atá luaite cheana againn, páirteach i gcomhcheilg i gcoinne na Banríona sa bhliain 1601. Soláthraíonn Whittemore (2019/20) fianaise inchreidte gurb é ata i roinnt mhaith de shoinéid Shakespeare, ‘litreacha véarsaíochta’ ó de Vere chuig Iarla Southampton, a bhí ina phríosúnach i dTúr Londain, 1601-1603. Cuireadh Iarla Essex chun báis.¹⁴