Léireofar dráma nua ó pheann an scríbhneora aitheanta Darach Mac Con Iomaire, Baoite, den chéad uair an tseachtain seo i dTaibhdhearc na Gaillimhe, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.
Scéinséir comhaimseartha é ‘BAOITE’ faoi lánúin atá sáite in agóid in aghaidh comhlacht idirnáisiúnta fraiceála mara. Caitear, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit (Siobhan O’Kelly), solas “lom géar” ar “shícé tuaithe na hÉireann” sa dráma.
Is mórchoimisiún de chuid Amharclann na Mainistreach é Baoite agus léireofar an dráma ar phríomhardán na hamharclainne sin an bhliain seo chugainn — an chéad uair a bheidh mórdhráma Gaeilge ar an ardán sin le breis agus 25 bliain. Beidh deis ag muintir na Gaillimhe an dráma a fheiceáil, áfach, le linn na Féile Ealaíon an mhí seo.
Tá plúr na n-aisteoirí Gaeilge i gcliar an dráma: Seán T Ó Meallaigh, atá díreach críochnaithe i ról Dhiarmada i ndráma de chuid Fíbín, Tóraíocht; Macdara Ó Fátharta, atá ar ardáin Ghaelacha le fada an lá agus ina aisteoir aitheanta ar an sobalchlár Ros na Rún; Diarmuid de Faoite; agus Siobhan O’Kelly féin a bhain cáil amach dá róil in An Klondike agus Jack Taylor, chomh maith le cláracha eile teilifíse.
Scríbhneoir agus stiúrthóir gradamúil é Darach Mac Con Iomaire agus i measc na saothar leis tá Corp + Anam, an scéinséir dlí a scríobh sé agus a stiúir sé do TG4.
Beidh an chéad léiriú de Baoite ann tráthnóna Déardaoin agus beidh sé ar siúl sa Taibhdhearc as sin go dtí Dé Domhnaigh an 22 Iúil. Beidh dhá matinée ann freisin, ar an 14 agus an 22 Iúil ag 14.00.
. Tá lascaine ar fáil ar thicéid anseo leis an gcód THISISGALWAY.
Foilseofar léirmheas ar Baoite ar NÓS an tseachtain seo chugainn.