Beidh an dráma iomráiteach Baoite le feiceáil arís an mhí seo chugainn, an geábh seo ar ardán Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Comhléiriú de chuid Amharclann na Mainistreach agus Taibhdhearc na Gaillimhe a bheidh i Baoite dráma nua ó pheann Dharach Mhic Con Iomaire a chéadléiríodh sa Taibhdhearc ag Féile Ealaíon na Gaillimhe anuraidh.
Tharraing lucht an dráma go leor airde orthu féin trí thús cliste an dráma, a raibh cuma na hagóide air taobh amuigh den Taibhdhearc ar an tSráid Lár i gcathair na Gaillimhe. Bhí an-éileamh ar thicéid don dráma anuraidh agus rinneadh léirmheasanna maithe air ar na meáin Ghaeilge agus na meáin Bhéarla araon.
Is iad na haisteoirí céanna a bheidh ar an ardán arís in Amharclann na Péacóige an mhí seo chugainn, seachas beirt nua: Sorcha Ní Chéide agus Eoin Ó Dubhghaill an tí seo.
Scéal “cumhachtach comhaimseartha” atá i Baoite a bhaineann le lanúin óg iascaireachta a thagann faoi bhrú mór ón bpobal agus óna gcaidreamh féin agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fracála mara “amuigh sa gcuan”.
Tá an bhean óg, Cáit, ag iarraidh gasúir. Ach tá ag teip ar a hiarrachtaí IVF agus tá orthu cinneadh tromchúiseach a dhéanamh idir seasamh lena pobal in aghaidh an chomhlachta mhóir agus cúl a thabhairt leo ar mhaithe le mianta a croí féin.
Dráma nuascríofa a bhfuil ceol nuascríofa ag dul leis atá i Baoite agus na ceoltóirí Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide á chasadh beo don léiriú seo in Amharclann na Péacóige. Ba é Seán Ó Flaithearta a dhear seit an dráma, agus an drámadóir féin, Darach Mac Con Iomaire, a bheidh i mbun a léírithe.
Fillfidh an tÁrannach Macdara Ó Fátharta ina ról mar Phat agus Diarmuid de Faoite i ról Tom, beirt aisteoirí a thuill mórmholadh nuair a bhí Baoite ar ardán na Taibdheirce anuraidh.
Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Amharclann na Mainistreach.