• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Cartúin
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Craiceann
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

3ú Feabhra 2017

Ardán#tallann na ngael

Grianghraif: Seán Ó Mainnín

      Ceol san aer ag Scléip
      ‘Smugairle Róin’ & Sonny Ní Chathasaigh i measc na nduaiseoirí!


      Is iad Smugairle Róin, banna as Ráth Chairn, Co. na Mí, agus Sonny Ní Chathasaigh, amhránaí agus cumadóir as Cill Chiaráin, Conamara, réaltaí móra Scléip 2017, agus iad ag sciobadh leo na mórdhuaiseanna ag craobhchomórtas Gael Linn i mbliana.

      Idir cheoltóirí, aisteoirí, dhamhsóirí agus amhránaithe, bhí tuairim is 300 Gael óg ó cheann ceann na tíre páirteach i gcath na scléipeoirí a bhí ar siúl in Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC inné.

      Taispeántas fuinniúil spleodrach raicéirí na Mí a chinntigh gur thug an bhuíon de cheathrar, a fhreastalaíonn ar Choláiste Pobail Ráth Chairn, a n-aghaidh ar an ardán faoi dhó leis an phríomhdhuais sinsir i rannóg na ngrúpaí ceoil a bhailiú mar aon le Gradam Scléip, duais a bhronntar ar an iomaitheoir is mó a sheas amach le linn an lae.

      Is iad Cinniúint, banna iontach as Coláiste Oiriall, a sciob leo an dara duais sa rannóg chéanna, agus iad chun cinn ar Na Fianna, scoth an bhanna as Gaelcholáiste Mhuire Chorcaí, agus dhá ghrúpa eile i gcomórtas ina raibh an iomaíocht ba ghéire ann gan amhras.

      Bhí an lámh in uachtar ag buaiteoir Scléip na bliana seo caite, Sonny Ní Chathasaigh ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, sa rannóg ‘Amhrán Sinsir Aonair’ den dara bliain as a chéile.

      Amhrán nuachumtha le Sonny dar teideal ‘Dochair’, a phléann géarchéim na dteifeach, a thuill Gradam NÓS 2017 don Amhrán Nuachumtha is Fearr don chumadaóir óg.

      Canadh breis agus 10 gcinn d’amhráin nuachumtha le linn an lae i seánraí éagsúla agus b’ábhar lúchaire é do na moltóirí an caighdeán ard a bhain leo ar fad.

      Éacht @coldehide #scléip ag canadh s ag damhsa s ag sciobadh duaiseanna #marbhlebród @GaelLinn @tallaghtecho @TheEchoOnline @CnaG @ pic.twitter.com/CnOJ9KihHS

      — Coláiste de hÍde (@coldehide) 2 Feabhra 2017

      Tugadh suntas freisin don aisteoireacht, damhsa, ceol agus amhránaíocht uile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar na moltóirí – an damhsóir Edel Ní Churraoin; an t-amhránaí Enda Reilly; ball IMLÉ Pádraig ‘MC’ Muipéad, Síle Ní Dhuibhne agus Leas-Eagarthóir na hirise seo Méabh Ní Thuathaláin.

      Ba mhór an t-ardú meanman agus spreagadh é don lucht féachana uilig an oiread Gael óg cumasach a fheiceáil ar ardán ag baint suilt as an Scléip!

      Tá moladh mór tuillte ag na rannpháirtithe ar fad agus ag Gael Linn, á reáchtáil scoth an chomórtais arís i mbliana.

      Seo chugaibh na torthaí…

      SÓISEAR

      Rince Cruthaitheach (Aonair)
      1ú hÁit: Chloe Ní Dhonnghaile, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara

      Rince Cruthaitheach (Grúpaí)
      1ú hÁit: Grúpa CDH, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

      Sceitse nua-chumtha
      1ú hÁit: ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

      Slua-amhránaíocht
      1ú hÁit – ‘Glór na nÓg’, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge

      Ceol Uirlise Comhaimseartha (Aonair)
      1ú hÁit – Ben Mac Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

      Ceol Comhaimseartha (Aonair)
      1ú hÁit – Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
      An dara háit – Caitlín Ní Nualláin, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

      Ceol Comhaimseartha (grúpaí)
      An 1ú hÁit: ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
      An 2ú háit: ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

      SINSEAR

      Rince Cruthaitheach (Aonair)
      1ú hÁit – Clodagh Ní Shúilleabháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

      Rince Cruthaitheach (Grúpa)
      1ú hÁit: Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe

      Sceitse Nua-chumtha
      1ú hÁit: ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

      Slua-Amhránaíocht
      1ú hÁit: ‘CPO 5 & 6’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

      Ceol Uirlise Comhaimseartha (Aonair)
      1ú hÁit: Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

      Ceol Comhaimseartha (Aonair) 
      1ú hÁit: Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
      An dara háit – Affia Ní Fhaoláin, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

      Ceol Comhaimseartha (Grúpaí)
      1ú hÁit) ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí
      2ú hÁit) ‘Cinniúint’ – Coláiste Oiriall, Muineachán

      * Gradam Scléip Gael Linn 2016 ‘Smugairle Róin’ – Gaelcholáiste Mhuire, An Mhainistir Thuaidh

      * Gradam NÓS Gael Linn 2016 don Amhrán Nuachumtha is Fearr – Sonny Ní Chathasaigh

      Scéalta Eile

      Rannpháirtithe á lorg don chéad ‘Chluiche Snatch’ i nGaeilge

      Gradam Joe Steve buaite ag Eoin Ó Dubhghaill

      Iomlán na dticéad do première ‘Fiach’ Fíbín díolta

      Eoin Ó Dubhghaill ar an ngearrliosta do Ghradam Joe Steve

      ‘Glór na Gaeltachta’ le cur ar ‘ardán digiteach’ Amharclann Ghaoth Dobhair



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2020 Rua Media