Ceoldráma grinn ‘1915’


Díoladh líon iomlán na dticéad do LaraeDó, seó Nollag na bliana 2013, le hAisteoirí Bulfin.

Is maith an teistiméireacht é sin do cheoldráma mór grinn na bliana seo, a osclaíonn in Amharclann Smock Alley, BÁC, Dé Céadaoin.

An fhoireann rathúil chéanna atá i mbun an léirithe seo dar teideal 1915, a thagann ó pheann an údair Aodh Ó Domhnaill agus atá faoi stiúir Barry Barnes.

Is gearr uainn comóradh an chéid 1916 agus cheana féin tá go leor ócáidí agus imeachtaí a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca sa tsiúl.

In áit ‘grinnscrúdú’ a dhéanamh ar imeachtaí ón tréimhse sin ama sa stair, is ‘greannscrúdú’ atá á dhéanamh ag Ó Domhnaill sa saothar seo.

Cáisc na bliana 1915 atá ann, nuair a bhailíonn buíon bheag Óglach lasmuigh d’Oifig an Phoist agus é i gceist acu an tÉirí Amach in aghaidh na Breataine a thosú – ach iad bliain iomlán róluath!

Insítear scéal an dráma seo ní hamháin le haisteoireacht, ach le ceol agus amhráin chomh maith.

Canfar naoi gcinn d’amhráin le focail nuachumtha, ach foinn aitheanta leo, le linn an tseó.

Tá foireann láidir d’aisteoirí, amhránaithe, ceoltóirí agus foireann stáitse bainteach leis an léiriú.

Tuairim is dosaen aisteoir a bheidh ar stáitse agus a gcuid carachtar bunaithe go garbh ar mhórphearsana staire, mar a shamhlófá óna n-ainmneacha Réamonn de Valera, Seosamh Ó Conghaile, Dara Mac Piarais agus Maria Markievicz!

Helena
Mar is iondúil le léirithe an chompántais seo, tá idir sheanfhondúirí Bulfin agus bhaill nua páirteach.

Cuirtear fáilte roimh bheirt nua chuig an ngrúpa i mbliana; Helena Ní Mhaoláin Mullins (thuas) atá i bpáirt Áine Ní Bhriain, altra óg i gCumann na mBan; agus Ronan Lynagh atá i ról Dhara Mhic Phiarais, Leas-cheannfort Óglaigh na hÉireann.

Amharclann Smock Alley atá roghnaithe mar ionad don rith, a leanfaidh ó Chéadaoin go Domhnach.

Tabharfar an dráma chomh fada le Béal Feirste seachtain ina dhiaidh sin.

Is fada ó bhí an grúpa ar ardán Chultúrlann McAdam Ó Fiaich – 2007 go deireanach le bheith beacht – nuair a léirigh siad leagan Gaeilge de dhráma Vincent Woods, At the Black Pig’s Dyke; Ag Claí na Muice Duibhe.

Go n-éirí an t-ádh leis an ngrúpa amaitéarach ardhcaighdeáin seo agus go ndíolfar líon iomlán na dticéad arís i mbliana!


Osclóidh ‘1915’ in Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Dé Céadaoin 2 Nollaig agus beidh sé ar stáitse go dtí an Domhnach, 5 Nollaig. 

Beidh sé ar ardán na Cultúrlainne, 216 Bóthar na bhFál, i mBéal Feirste, Dé Sathairn, 12 Nollaig. Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE