Chonaic mé ‘Fornocht Do Chonac’

Bhí Caitríona Ní Chadhain sa lucht féachana ag réamhléiriú ‘Fornocht Do Chonac’, dráma a osclaíonn sa Taibhdhearc anocht, mar pháirt d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.


Tá an stiúrthóir Eoin Mac Diarmada tar éis léiriú comhaimseartha a dhéanamh de dhráma Eoghain Uí Thuairisc, Fornocht Do Chonac, a cuireadh ar an ardán den chéad uair i 1979.

Pléitear le maith agus olc i scéal an Phiarsaigh, duine de cheannairí an Éirí Amach, ar shlí atá thar a bheith suimiúil sa léiriú seo.

Cliar de thriúr atá sa dráma: Micheál Ó Dubhghaill, Gráinne Bleasdale agus Doireann Ní Fhoighil.

Úsáidtear físeáin éagsúla chun roinnt de na carachtair a chur i láthair freisin.

Sampla é sin den chur chuige agus den insint éagsúil atá ar fáil ann.

fornocht

Léiríodh Fornocht Do Chonac i dtús ama sa bhliain 1979 agus na trioblóid sa tsiúl i dtuaisceart na hÉireann.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Micheál Ó Dubhghaill gurb é sin an chéad uair gur cuireadh an Piarsach i láthair ar bhealach neamhfhabhrach.

“D’fhoghlaim muid faoin laoch atá sa bPiarsach ag an scoil, ach nuair a scríobh Eoghan Ó Tuairisc é seo bhí na trioblóidí i réim sa Tuaisceart.

“Sílim ag an am sin gur athraigh an íomhá ón bPiarsach a bheith ina laoch go duine a raibh an milleán air,” ar sé.

Ceist is ea í seo a bhí ar intinn Uí Thuairisc go cinnte agus é ag scríobh an dráma seo, dar le Micheál.

Tá sin suntasach i gcarachtar Mhíchíl, Piaras, a lochtaíonn teagasc agus aisling náisiúnach an mhórlaoich.

“An carachtar atá agamsa, an Piaras Mac Aimhirgin seo, cuireann sé an milleán ar Phádraig
Mac Piarais mar gheall ar na rudaí seo ar fad atá ag dul ar aghaidh ina chloigeann.”

Is dráma é atá an-fhileata agus dáiríre ach níl easpa grinn ann ach oiread, agus tugann an cliar ar fad scoth an taispeántais uathu.

Fanann na haisteoirí ar stáitse le linn an léirithe agus d’admhaigh Micheál gur chothaigh sin dúshlán dó.

“Tá sé trom. Tá go leor mothúchán ann. Agus níl briseadh ann chun an stáitse a fhágáil, anáil a thógáil agus teacht ar ais arís,” a dúirt Ó Dubhghaill.

Tá fotheidil le feiceáil sa dráma, nós atá á chleachtadh ag an Taibhdhearc le cúpla bliain anuas chun drámaíocht Ghaeilge a oscailt amach do lucht féachana níos leithne.

Seans nach rachadh an stíl i bhfeidhm ar achan duine sa lucht féachana, go háirithe daoine atá líofa sa Ghaeilge.

Tá cuid den dráma sách casta ó thaobh na Gaeilge de, ach an-saibhir chomh maith.

Is deas an rud é filíocht an Phiarsaigh a chloisteáil á rá go binn seachas é a léamh ar pháipéar.


Tá ‘Fornocht do Chonac‘ ar ardán na Taibhdheirce go dtí an Aoine, 16 Iúil.

Beidh sé á thabhairt go dtí an tOireachtas i gCill Airne i mí na Samhna i mbliana agus go hAmharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath ón 7-12 Samhain. 

SCÉALTA EILE