Chun na pictiúrlainne arís le Dreamgun Film Reads

Willy Wonka & the Chocolate Factory / Smock Alley Theatre, BÁC


Tá Dreamgun Film Reads ar cheann de na léirithe nua suimiúla atá le feiceáil timpeall Bhaile Átha Cliath.

Mar a mhíníonn siad i dtús an phíosa is éard atá i gceist ná go dtógtar script ó scannán aitheanta, go ndéanann roinnt fuirseoirí athscríobh air, agus caitheann siad jócanna amaideacha go leor isteach. Ansin tugtar do dhream aisteoirí is fuirseoirí é agus cuirtear i láthair é gan an script a bheith léite acu cheana. Pointe beag eolais: is rídheacair a chreidiúint nach mbíonn aon réamhchleachtadh ann ach bíodh sin mar atá éiríonn thar cionn le go leor de na seónna.

Bhí léiriú eile dá gcuid, leagan barrúil de Silence of the Lambs, feicthe agam sa Sugarclub cheana. Bhí an seó úd chomh greannmhar sin go raibh sé pianmhar. Bhíos ar tinneall mar sin freastal ar úrleagan de Willy Wonka ag léiriú iarnóna sa Smock Alley.

Luaim na hionaid agus na hamanna léirithe mar go mbíonn an-tionchar go deo ag a leithéid ar sheónna grinn. Tá cúiseanna maithe ann go gcuirtear greann ar siúl i seomraí beaga istoíche taobh le beár. Is mó go mór an fonn gáirí a bhíonn ar dhaoine agus an t-ól istigh agus an t-atmaisféar ceart. Cad atá le rá agam mar sin? Níl ann ach go raibh an léiriú go breá, é greannmhar go maith, agus jócanna go leor ann, ach nach raibh an draíocht chéanna leis is a bhí le Silence of the Lambs.

Maidir le fear na seacláide ba é Tony Cantwell (An tUasal Soft Drink sa Punto) ba mhó a bhain gáirí as an slua agus carachtar Willie Wonka féin á chur i láthair aige. Ba dhóigh leat gurbh leor aige seasamh ar an stáitse gan gíocs ná míocs as le daoine a chur ag gáire. Mar a rith le roinnt ag a sheó féin ag Electric Picnic, an fearr é ar an scáileán beag ná ar ardán?

Bhí an reacaire ar fheabhas ar fad agus d’éirigh le hAlison Spittle socrú isteach sa phíosa go maith de réir a chéile. Samhlaím go mbraitheann caighdeán an tseó go mór ar na fuirseoirí atá ag glacadh páirte ar lá faoi leith, agus ar an scannán atá i gceist. Cabhraíonn sé go mór má tá na scannáin feicthe agat agus más féidir cuimhneamh go ginearálta ar a dtarlaíonn iontu.

Mar sin bhí an seó airithe seo go breá. Braithim mar sin féin nár léiriú ceart é ar chumas agus ar fheabhas an ghrúpa agus an choincheapa. Is cosúil go raibh Leo Varadkar i láthair ag léiriú an oíche sula raibh mé féin. Tá Dara Ó Briain agus go leor eile i measc na mboc mór a thugann taitneamh don dream seo.

Seans go raibh sé beagán rófhada. Gearán rialta a bhíonn agam na laethanta seo. An seanfhear cancrach mífhoighdeach anois mé?

Bíonn sceitsí grinn á dtaifeadadh ag Dreamgun chomh maith agus is féidir éisteacht leis na Film Reads mar phodchraoltaí chomh maith. Molaim éisteacht le podchraoladh de scannán a thaitníonn leat. Bíonn léirithe beo rialta acu ar fud na tíre, cuid de na mórfhéilte grinn ina measc. Fógraíodh ag deireadh an tseó go mbeidh seónna rialta á ndéanamh ag Dreamgun i Londain as seo amach. Gach seans nach bhfuil cúrsaí ach ina thús dóibh.

Pointe eile ar fiú cuimhneamh air agus tú ag breathnú ar chlár na Féile Imill / Fringe – ní raibh oiread is imeacht amháin Gaeilge ann.

Rinne mé teagmháil le lucht eagair agus dúradh go raibh cuid de sheó Aine Gallagher i nGaeilge. Is bocht an mhaise d’fhéile a fhaigheann cuid mhór maoinithe ón stát nach bhfuil oiread is imeacht amháin Gaeilge mar chuid de. Mura bhfuil dreamanna ag cur isteach air cén fáth nár coimisiúnaíodh drámaí nó léirithe nua? Tá sé scannalach amach is amach nach bhfuil féilte mar seo, a fhaigheann maoiniú stáit, ag cur íosmhéid léirithe ar siúl i nGaeilge, 10% acu, abair.