Bhí Eoin P.Ó Murchú i láthair ag dhá dhráma san ardchathair ar na mallaibh: ‘Who’s Afraid of Virginia Woolf?’ a osclaíonn ar an 28ú Aibreán, agus ‘Cascando’ le Samuel Beckett, an léiriú is déanaí le Pan Pan. Seo an méid a bhí le rá aige fúthu!
Cascando, le Samuel Beckett, léirithe ag Pan Pan/Amharclann Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide, BÁC.
Ainneoin gur dráma raidió é Cascando a scríobh Beckett i 1961, bhí an léiriú seo le clos agus le feiceáil in Amharclann Samuel Beckett i gColáiste na Tríonóide le déanaí.
Ghlac an slua páirt ann go deimhin.
Ar theacht isteach dúinn, tugadh Jubba dubh dúinn le caitheamh, fallaing thraidisiúnta ó Mharacó a bhfuil cochall mór air.
Treoraíodh ansin sinn isteach i seomra go pasáiste cúng dorcha: duine i ndiaidh a chéile ag siúl isteach i gcathair ghríobháin (labyrinth) dhorcha agus na ballaí agus an t-urlár clúdaithe le hábhar lonrach, ach ’cheal solais gan mórán ann le lonrú.
Díol suntais é go raibh níos mó ná leathchosúlacht aige seo leis an gcathair ghríobháin ag Liam Mac Cóil mar a leag sé amach é san iris ‘Comhar’ tá tamall ó shin.
Cad é Cascando?
Dhá ghlór ag caint go híseal linn trí chluasáin phearsanta a bhí á gcaitheamh ag gach duine sa lucht féachana.
Siar is aniar idir an dá ghlór, ach lena raibh ag tarlú timpeall orainn, caithfear a rá go raibh sé deacair go maith na guthanna a leanúint.
Bhí mé féin dírithe ar an siúlóid: timpeall linn ar chúinní, roinnt soilse dírithe orainn as áiteanna i bhfad thuas anois is arís.
Ansin ceol sách scanrúil, torannach inár gcluasa agus scáileanna le feiscint ar fud an bhaill, é deacair arís aird a choinneáil ar na guthanna féin.
Is beag a chuaigh mé i ngleic leis an script, mé ag siúl liom sa scuaine timpeall is timpeall ar chúinní, ag mothú go rabhamar ag teacht níos gaire don lár de réir a chéile.
Bhí an scór duine againn ag ciorclú go mallchosach sa dorchadas, soilse aisteacha ann gach re seal.
Ansin scátháin a bhféadfaí breathnú isteach iontu agus leath eile an tslua a fheiceáil.
Na guthanna agus a raibh ag tarlú timpeall orainn ag obair in éineacht lena chéile anois is arís.
An chéad ghuth ag trácht ar oscailt agus an dara ceann ar chríoch agus Woburn agus rudaí doiléire dothuigthe.
Thaitin sé liom bheith iomlán tumtha san eispéireas, ach mhair sé beagán rófhada gan mórán éagsúlachta ann.
Gan bhróga a bhíomar, leis, rud a cheangail go dlúth muid leis an suíomh agus a lig dúinn an amharclann a thadhall.
Agus tú faoi néal dorchadais agus do chluasa líonta le focail dhiamhra, ba éasca na maidí a ligean le sruth agus tú féin a chailliúint ann, fiú murar thuig tú brí an ruda.
Measaim go bhfuil roinnt mhaith níos mó drámaí le Beckett ná le haon scríbhneoir eile feicthe agam. (Agus go leor acu sin i nGaeilge.) Cén fáth é sin?
Is dócha go bhfuil cineál de chultas tógtha ar an bhfear céanna, agus i bhfírinne, braithim deacair an dráma seo a mholadh ar an script – an léiriú iomlán a rinne rud suimiúil de.
Cliar: Andrew Bennett agus Daniel Reardon
Dearthóir seit/soilse: Aedín Cosgrave
Stiúrthóir: Gavin Quinn
Tá an léiriú seo de ‘Cascando’ thart ach beifear ag súil le léirithe eile le Pan Pan amach anseo.
Who’s Afraid of Virginia Woolf? le Edward Albee/ Amharclann an Gheata, BÁC.
Dráma eile ar fad atá sa cheann seo.
Tá an chaint agus an ghéire chainte ina lár istigh.
Arís eile, tá seit deas ann, ceann galánta a chuirfeadh teach ó na 1960aidí i gcuimhne duit.
Dráma é a chuireann George agus Martha inár láthair.
Beirt iad seo atá ina gcónaí faoi scáil an tsaoil ollscoile, iad in adharca a chéile agus ag sáraíocht ar a chéile gan stad.
Tá fáilte curtha acu roimh lanúin nua i bpobal na hollscoile deoch dheiridh na hoíche a ól ina dteach. Is chun donais a imíonn cúrsaí ansin.
Nuair a tháinig an dráma seo chun an ardáin a chéaduair, dúirt an New York Times gur phléasc sé mar “stealth bomb on Broadway” agus gur leag sé síos “a brave new standard for truth-telling“.
Is cinnte go bhfuil gach aon rud sa dráma.
An troid, an t-imreas agus an t-uaigneas. Conas atá an duine ag dul i ngleic leis an saol iarbhír.
Ólachán buile agus allagar agus naimhdeas eatarthu sin atá pósta.
Éiríonn go maith leis an gcliar, ach seans nach bhfuil siad iomlán ar a gcompord leis an dráma ná lena chéile fós.
Cruthaítear domhan inchreidte Meiriceánach na 60í dúinn, ach seans go gcuireann na blasanna cainte, nach bhfuil gan locht, isteach ar chúrsaí anois is arís.
Go maith ar an iomlán, ach cén fáth nach gcuirfeadh an Geata rud éigin réabhlóideach ar fáil dúinn? Ceist ghnó, is cinnte.
Cliar: Fiona Bell, Denis Conway, Mark Huberman agus Sophie Robinson
Stiúrthóir: David Grindley
Ag oscailt Déardaoin, an 28ú Aibreán (réamhléirithe roimhe sin).