Beidh an dráma deiridh a scríobh an drámadóir bisiúil Aodh Ó Domhnaill, a bhásaigh níos luaithe i mbliana, á léiriú anocht ag Aisteoirí Bulfin, compántas aisteoireachta a raibh an-bhaint ag Aodh leis. Léireofar Dearmad na Fola as seo go Lá Fhéile Pádraig in Amharclann Scoil na mBuachaillí i Smock Alley i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Aoileann Ní Chonchubhair, duine d’Aisteoirí Bulfin, le NÓS gur “dráma saghas aisteach” é Dearmad na Fola ach go bpléitear téamaí cigilteacha faoin saol amach romhainn ann.
“Tá an dráma lonnaithe sa todhchaí, nuair is féidir leat ní hamháin do chuid fola a dheonú mar is féidir sa lá atá inniu ann, ach do chuid smaointe freisin. Díolann na carachtair a smaointe agus a gcuimhní agus cuirtear isteach i ríomhaire ollmhór iad. Leanann an scéal duine amháin a dhéanann amhlaidh ach nach bhfuil ag iarraidh rúin atá aige a scaoileadh. Tá an scéal beagáinín aisteach, cinnte, ach an-spéisiúil agus taitneamhach,” a dúirt sí.
Dúirt Aoileann gur “caillteanas mór” d’Aisteoirí Bulfin Aodh Ó Domhnaill, drámadóir a scríobh go leor de na drámaí a chuir an compántas ar an stáitse le 30 bliain anuas.
“Chailleamar Aodh i mí Eanáir, agus seo é an dráma deiridh a scríobh sé — go bhfios dúinn! Bhí Aodh an-bhisiúil mar dhrámadóir agus d’fhéadfadh ceann nó dhó eile a bheith i bhfolach sa deasc aige. Bhí sé linn ó na 1980idí, d’imigh sé ar feadh tamaill agus tháinig sé ar ais arís thart ar 2006 agus thosaigh sé ag scríobh go han-rialta. Bhíomar tosaithe ar an dráma seo roimh an Nollaig agus bhí cúpla léamh déanta againn agus rinne Aodh féin cúpla ceardlann linn — bhí sé i gcónaí i lár an aonaigh,” a dúirt sí.
Tá Aisteoirí Bulfin ar an bhfód le breis agus leathchéad bliain anois agus dúirt Aoileann go bhfuil an léiriú seo “speisialta” ní hamháin mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le dráma deiridh Aodha a léiriú, ach mar gheall ar an gcliar atá páirteach ann freisin. Dúirt sí le NÓS go bhfuil glúine éagsúla ag teacht le chéile, a hathair féin Tadhg mar shampla, sa léiriú seo agus gur “deas an rud é” go bhfuil Aisteoirí Bulfin ag “dul ar aghaidh go dtí na glúnta eile”.
Beidh an dráma Dearmad na Fola ar an stáitse anocht, an 13 Márta, agus gach lá an tseachtain seo go dtí Lá Fhéile Pádraig, in Amharclann Scoil na mBuachaillí in Smock Alley.