Eoin Ó Dubhghaill ar an ngearrliosta do Ghradam Joe Steve

Tá léirmheastóir scannán NÓS, Eoin Ó Dubhghaill, i measc na ndaoine a ainmníodh ar ghearrliosta an chomórtais scríbhneoireachta ‘Gradam Joe Steve’ inniu. Fógraíodh an gearrliosta ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

Is iad Eoin, Susanne Colleary, agus Seán Ó Dubhchoin a bheidh san iomaíocht don ghradam nua a ainmníodh as an drámadóir cáiliúil Gaeltachta, Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh ag tús na bliana. 

Gradam do dhrámadóirí a scríobh gearrdhráma bunaithe ar fhinscéalaíocht na hÉireann, nó ar eachtraí ó stair na hÉireann, atá i gceist le Gradam Joe Steve, agus beidh Eoin, Susanne agus Seán ag obair le moltóirí an chomórtais lena scripteanna nua a fhorbairt. 

Ba iad stiúrthóir ealaíne Fíbín, Philip Doherty; léiritheoir Fíbín, Cillian Ó Donnchadha, agus Seán Ó hÉanaigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta moltóirí an chomórtais. Déanfar taifead ar na drámaí críochnaithe ar stáitse na Taibhdheirce, arna léiriú ag Fíbín féin, agus craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta iad. Buafaidh an dráma is fearr Gradam Joe Steve agus duais €500. Gheobhaidh an bheirt eile €200.

Is aisteoir, scríbhneoir agus léirmheastóir é Eoin Ó Dubhghaill a bhfuil aithne mhaith ag léitheoirí NÓS air mar gheall ar a léirmheasanna scannán a fhoilsítear ar an suíomh seo go minic. Fear Gaeltachta as Indreabhán i gCois Fharraige is ea é, agus is minic é ar an ardán Gaelach, agus ar chláracha teilifíse agus scannán. 

Bunaithe ar an mbéaloideas atá dráma Eoin, go háirithe an mhaighdean mhara agus na scéalta sí a bhaineann le rónta agus an tír faoi thoinn. 

Tá Eoin le feiceáil ar an tsraith Le Ceangal ar BLOC TG4 i láthair na huaire.

SCÉALTA EILE