Féilte Áitiúla Drámaíochta / 27-29 Márta
Tá sprioc i gcoitinn ag riar maith de chumainn drámaíochta Ghaeilge na tíre, sprioc a bhainfidh siad amach an deireadh seachtaine seo: na féilte áitiúla!
Táid ag cleachtadh go tréan chuige seo, glac uaim é; bhí mé i láthair do réamhléiriú de dhrámaí Aisteoirí Bulfin tráthnóna inné, agus is mór an méid oibre atá déanta acu!
Beidh féilte, atá eagraithe ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ar siúl i gCeatharlach, Cathair na Mart agus i gCorca Dhuibhne na Ríochta.
An aidhm atá ag na grúpaí a bheidh i láthair ná a chur ina luí ar mholtóirí na bhféilte go bhfuil a ndráma siúd ar chaighdeán na Féile Náisiúnta, a reáchtálfar in Amharclann Chois Fharraige, an chéad dheireadh seachtaine de mhí Bealtaine.
‘Uaigneas an Ghleanna’ is teideal do dhráma de chuid J. M. Synge, aistriúchán ar ‘In the Shadow of the Glen’, (an chéad dráma de chuid an údair a léiríodh ar stáitse).
Léireoidh Aisteoirí Chorr na Móna agus Scoil Éigse Chamais é, in Óstán Chathair na Mart, istoíche amárach.
Ó dheas i gCorca Dhuibhne a bheidh dhá dhráma á léiriú ag Aisteoirí Bulfin na hArdchathrach.
‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman agus ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, dráma comhaimseartha faoi cheisteanna sóisialta a bhaineann le treibh ársa in Éirinn, agus é bunaithe ar mhúnla ‘Cúirt an Mheán Oíche’.
Ar a bpaiste féin talún a léireoidh Aisteoirí Bhréanainn ‘Mal’ le John B. Keane.
“Féasta drámaíochta” atá lucht a heagraithe ag tabhairt ar ócáid an Domhnaigh seo i gCeatharlach.
Tá grúpa na háite, Aisteoirí an Lóchrainn, ag prapáil dá léiriú de ‘An Gadaí Béasach’ a chum Dario Fo, Iodálach, an chéad lá riamh ina theanga dhúchais.
Seans go mbeadh cur amach ag daoine air sa Bhéarla chomh maith, ‘Virtuous Burglar’.
Is aistriúchán eile ar dhráma atá ag Aisteoirí an tSeanPhobail.
Beidh siadsan chomh maith ar stáitse Amharclann an George Bernard Shaw sa bhaile lena leagan den ndráma polaitiúil ‘Éirí na Gealaí’ le Lady Augusta Gregory (‘The Rising of the Moon’).
Is faoi Bheartla Ó Flatharta a bheidh an cúram breithiúnas a thabhairt ar na léirithe seo; Muiris Ó Súilleabháin do na drámaí i gCorca Dhuibhne; agus Máirtín Mac Donnchadha i gCathair na Mart.
Ar thaobh amháin an scéil, ba dheas liom a jab – deis féachaint ar dhrámaí mar thráthnóna oibre.
Ar thaobh eile an scéil, tá cinneadh ana-dheacair acu… cé hiad na dreamanna a rachaidh ar aghaidh le bheith ar ardán Scoil Sailearna ag tús an tsamhraidh!?
Neosfaidh an aimsir.