GaelGÁIRÍ – ar aer & ar ardán

Tá mír nua ghrinn tosaithe ar Raidió na Life darb ainm Raidió Ráiméis.

Is lucht GhaelGÁIRÍ agus Lisa Madden ón stáisiún féin atá taobh thiar de agus beidh eipeasóid nua á craoladh maidineacha Dé hAoine ar an gclár úr céadproinne An Bricfeasta Blasta.

Stáisiún raidió nua mar dhea atá ann a thugann léargas eile ar shaol an raidió in Éirinn dúinn.

Tá an chéad eip le clos anseo thíos… táimid ag súil go mór lena thuilleadh!



Is é seo an togra is nuaí de chuid GhaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír.

Beidh GaelGÁIRÍ ag dul go Béal Feirste den chéad uair riamh ar Dé Máirt 4 Lúnasa, 8in, tráth a mbeidh gig acu sa Chultúrlann mar chuid de Fhéile an Phobail.

Beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus a chara Pato, Ger Staunton agus Aideen McQueen mar bhean an tí chomh maith le slua de dhaoine greannmhara as Béal Feirste, Paddy McDonnell ina measc, le feiceáil ar an oíche.

£3 atá ar na ticéid agus tá breis eolais anseo.

10515362_10153362942406013_2746521369831044143_o-1

Beidh GaelGÁIRÍ ag taisteal timpeall na tíre d’fhéilte eile mar sin coinnígí súil amach dóibh.

Tá fáilte roimh mholtaí/smaointe d’fhíseáin agus fuirseoirí úra i gcónaí ach scéal a chur chucu ag gaelgairi@gmail.com