DRÁMA: Gile na Gealaí, Corcaigh / Dátaí thíos
Is maith liom a bheith ag freastal ar an amharclann ó am go ham.
Tá scata drámaí, ceoldrámaí agus geamaireachtaí feicithe agam thar na blianta ach fós, deinim amach gurb iad na drámaí a chonac agus mé i mo leanbh óg na cinn is mó a bhfuil cuimhne agam orthu.
Má tá daoine óga id mhuintir, agus súil agat a súile a oscailt chuig saol na hamharclainne, b’fhéidir go mbeadh spéis agat i léiriú nua an chomplachta, Graffiti Theatre Company, atá lonnaithe i gCorcaigh.
Gile na Gealaí – Melody of the Moon an teideal atá air, scéal a bhaineann le turas grá faoi iascaire atá ar thóir na Gealaí ach go bhfuil bacanna ina threo: an sáile agus an spéir, ach go háirithe.
Beidh na páistí a fhreastalaíonn ar an seó páirteach ar an dturas fileata seo, ón nóiméad a shiúileoidh siad isteach doras na hamharclainne.
Leanfaidh siad an tIascaire agus é ag léiriú a chuid grá, trí mheán an cheoil.
Is i mBéarla a chanfaidh sé siúd, agus ise, an Ghealach, trí Ghaeilge.
Is dírithe ar lucht féachana ana-óg, (0-3), atá an taispeántas seo, mar aon leis na daoine fásta a bheidh ina gcuideachta!
Taispeánfar na léirithe ar fad in amharclann an chomhlachta sa Linn Dubh i gCorcaigh.
Beidh léirithe speisialta do ghrúpaí ó crècheanna agus naíonraí ar siúl ón Luan seo chugainn go dtí an 18ú lá den mhí.
Ina dhiaidh sin a bheidh léirithe do theaghlaigh, mar chuid d’imeachtaí na féile Cork Midsummer Festival, go dtí an 21ú.
Tá an spás san ionad teoranta mar sin bí cinnte ticéid a chur in áirithe chuige seo.
1-18 Meitheamh (Luan – Déardaoin); 12-14 & 19-21 Meitheamh, Graffiti Theatre sa Linn Dubh, Corcaigh.
Gach eolas ó bookings@graffiti.ie