Tá Dearmad na Fola le hAodh Ó Domhnaill á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i Scoil na mBuachaillí in Amharclann an Smock Alley faoi láthair. Baineadh siar as pobal na Gaeilge le déanaí nuair a cailleadh Aodh Ó Domhnaill. Ag obair ar athleagan de script an dráma seo a bhí sé nuair a cailleadh é.
Deirtear linn san ábhar bolscaireachta go ndíreoidh an dráma seo ar an tsochaí, ar fhorbairt na teicneolaíochta, ar chuimhní daonna a bheith á gceannach agus ar an síceapatachas. Manglam ceart an méid sin. Isteach linn sa mhanglam sin láithreach agus lucht na gcótaí bána ar an ardán agus an slua ag teacht isteach. Feictear seit a thugann sci-fi na 1970idí chun cuimhne go pointe.
Seo chugainn Maitiú Ó Murchú (Mícheál Ó Gruagáin), fear atá ag iarraidh a chuid cuimhní a thaifeadadh. Tá Ó Gruagáin iontach sa ról. Tá an oiread sin gravitas ann go líonann sé spás Scoil na mBuachaillí go boimbéal. Tá taobh dorcha ann leis nuair a mhíníonn sé eachtraí a óige.
Casann sé leis an Dr Áine a chuireann ar a shuaimhneas é de bheagán ach is léir uisce faoi thalamh. Ní féidir mórán níos mó a rá faoin bplota gan an scéal a mhilleadh ach stad ná cónaí ní thagann air agus caitheann cor nó dhó de.
B’fhéidir nach gcuirimid aithne cheart ar chuid de na príomhcharachtair. Sciobtar cuid acu de dhroim seoil pas beag róluath. An gcuirtear aithne cheart ar an Dr Áine roimh dheireadh báire? Glacann Seán Mac Dhonnagáin ról an teicneora ar cosúla le fear gnó róshnasta é. Scairshealbhoírí AmTech an gad is giorra dá scornach aige. Titeann Aoileann Ní Chonchubhair i ngrá le “bréagadán”, nó róbat an dráma seo, i mbealach gnaíúil.
Nuair a thagann na bréagadáin inár láthair ní fios ar chóir dúinn gáire a dhéanamh nó eagla a bheith orainn. Cuireann geáitsíocht na mbréagadán sna tríthi muid babhtaí agus spreagadh go leor gaire sa dráma ar fad. Tá ábhar níos dáiríre ann chomh maith, ceistítear suíomh na bhfear sa tsochaí ó thús.
Bhraithfeá ruainne beag den chlár teilifíse Westworld sa léiriú, chomh maith le scéinséirí faoi thodhchaí ghruama an ama atá le teacht. Ní fada uainn na róbait a deirtear linn, ná ní fios an i mbun maraithe nó grá a bheidh siad.
Bhí roinnt rudaí nár fheil go hiomlán don léiriú dar liom. Bhraith mé go raibh an t-amhrán aitheanta ag deireadh beagán as alt leis an gcuid roimhe. An bhfreastalaítear i gceart ar théamaí móra Dearmad na Fola leis an deireadh? Déantar iarracht leis an tseit an ardteicneolaíocht a chur inár láthair, dúshlán mór ar airgead beag. Arbh fhearr cloí leis an tsimplíocht i gcásanna mar sin? B’fhéidir é.
Tá bearna i ndrámaíocht Ghaeilge Bhaile Átha Cliath agus na tíre ó d’imigh Aodh Ó Domhnaill. Táim an-sásta go raibh deis agam freastal ar Dearmad na Fola dráma a bhfuil faobhar nó trí air, dráma a théann i ngleic le mórcheisteanna teicneolaíochta agus polaitíochta. Tríd is tríd is é láidreacht Dearmad na Fola go gcíortar téamaí móra na linne atá le teacht ann agus go bhfuil aisteoirí ardchaighdeáin sa chliar.
Beidh an dráma á léiriú go dtí an 17 Márta i Smock Alley (8pm) Tá súil é a léiriú arís sa Taibhdhearc i nGaillimh agus ag Oireachtas na Samhna.