Tá Gradam Joe Steve buaite ag Eoin Ó Dubhghaill as Indreabhán i gCois Fharraige dá dhráma Rún. D’fhógair Cilliain Ó Donnchadha, léiritheoir an chomhlachta amharclannaíochta Fíbín, buaiteoir an chomórtais scríbhneoireachta ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.
Gradam do dhrámadóirí a scríobh gearrdhráma bunaithe ar fhinscéalaíocht na hÉireann, nó ar eachtraí ó stair na hÉireann, atá i gceist le Gradam Joe Steve, comórtas a ainmníodh as an scríbhneoir Gaeltachta mór le rá Joe Steve Ó Neachtain a bhásaigh ag tús na bliana seo caite. San iomaíocht i mbliana bhí Eoin Ó Dubhghaill, Seán Ó Dubhchoin agus Susanne Colleary.
Cillian Ó Donnchadha agus Philip ó Fhíbín agus Seán Ó hÉanaigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ina moltóirí ar an gcomórtas. Duaischiste €900 a bhí ann – gheobhaidh Eoin Ó Dubhghaill €500 agus gheobhaidh an bheirt eile €200 an duine. Taifeadadh na drámaí uilig ar ardán na Taibhdheirce i gcaitheamh na bliana seo caite agus craolfar gach ceann acu ar eagrán speisialta de Iris Aniar ar Luan Cásca.
Is aisteoir, scríbhneoir agus léirmheastóir é Eoin Ó Dubhghaill a bhfuil aithne mhaith ag léitheoirí NÓS air mar gheall ar a léirmheasanna scannán a fhoilsítear ar an suíomh seo. Fear Gaeltachta as Indreabhán i gCois Fharraige is ea é, agus is minic é ar an ardán Gaelach, agus ar chláracha teilifíse agus scannán.
Tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín, An Taibhdhearc, Mumbro Top, Fizz and Chips Theatre Company agus High Rock Productions.
Bunaithe ar an mbéaloideas atá dráma Eoin, go háirithe an mhaighdean mhara agus na scéalta sí a bhaineann le rónta agus an tír faoi thoinn. Cíortar ann an caidreamh atá idir athair agus mac, agus tagraítear don bhéaloideas a bhaineann le rónta agus a gceangal le muintir Chonghaile. Fuair Eoin cabhair leis an gcoincheap seo don dráma ón aisteoir agus scríbhneoir cumasach Bríd Treasa Ní Ghaoithín, a bhfuil taighde agus obair déanta aici féin ar an ábhar.
“Scéal ionraic ón gcroí a chuirtear inár láthair sa dráma Rún faoi chaidreamh achrannach idir athair agus mac, agus mar dhéantar athmhuintearas eatarthu ar aistear farraige agus iad i mbéal na stoirme.
“Is dráma ar leith atá anseo, le hatmaisféar osréalach, fuaimrian tagach, agus téamaí agus bríonna éagsúla le sonrú ann, a bhaineann úsáid iomlán as meán an dráma raidió chun an scéal a insint. Léiríonn an drámadóir scil eisceachtúil ó thaobh cúrsaí teanga de, agus féith dúghrinn láidir. Is saothar thar a bheith cumhachtach atá curtha i dtoll a chéile dúinn ag Eoin Ó Dubhghaill,” a dúirt Philip Doherty, stiúrthóir ealaíne le Fíbín.