Beidh an dráma Gaeilge Grindr, Saghdar agus Cher á léiriú sa Taibhdhearc i nGaillimh agus i Seanscoil Sailearna in Indreabhán mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe an mhí seo chugainn. Is iad Eoin Mc Evoy, Ciara Ní É, agus Sam Ó Fearraigh a scríobh an dráma iomráiteach léiríodh ag an Oireachtas, ag Imram, agus ag Féile Idirnáisiúnta Téatair Bhaile Átha Cliath go dtí seo.
Taispeántar sa dráma an caidreamh a bhíonn ag daoine LADTA+ lena bpobal féin trí scéal triúir – beirt fhear aeracha agus leispiach. Titeann na scéalta ar fad amach in aon oíche amháin agus dearcadh ar leith ag gach carachtar ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal aiteach trí chéile ann. Seo an dara dráma ó pheann Chiara agus Eoin, a léirigh Ar Chraiceann Do Chluaise i Meán Fómhair na bliana 2021.
Is é Stephen Darcy atá ina stiúrthóir ar Grindr, Saghdar agus Cher agus is í Margaret Lonergan a rinne na léaráidí a fheictear sa dráma. Beidh sé ar siúl ar feadh dhá oíche sa tSeanscoil in Indreabhán (17/18 Iúil) agus ar feadh cúig oíche sa Taibhdhearc i lár chathair na Gaillimhe. Tá costas €20 ar na ticéid.
Is féidir léirmheas Sheáin Uí Dhubhchoin ar Grindr, Saghdar agus Cher a léamh anseo.