‘Hecklers beware!’

Is fuirseoir é Steve Cummins as Maigh Rois, Contae Luimnigh, agus nach air a bhíonn fonn spraoi!

Chaith sé tréimhse ina oibrí sóisialta, agus d’oibrigh sé le hógchiontóirí i dtrí thír éagsúla, sular thiontaigh sé i dtreo ardán an ghrinn.

Bhí sé mar phríomhfhear grinn agus láithreoir san Empire i mBéal Feirste agus in Revolution i bPort Láirge, agus faoi láthair is óstach é sa Laughter Lounge i mBaile Átha Cliath.

Ba chuig an Laughter Lounge ar 17 Iúil a chuaigh mé chun é a fheiscint.

B’oíche Shathairn fhliuch dhorcha í, ach cé go raibh an oíche gruama duairc, ní raibh duairceas ná gruaimeacht ar bith sa ‘tolglann’ agus Steve Cummins agus a fhoireann fuirseoirí ag fuirseoireacht leo.

Mar is gnáth sa Laughter Lounge bhí ard-chaighdeán fuirseoireachta ann, agus Tiffany Stevenson, Tim Elliott, Brendan Reilly agus Willie White ar an stáitse.
Láithreach bonn bhí trua agam don bhrídeach agus a cóisir cailleach, agus iad suite chun tosaigh, ar nós go raibheadar ag iarraidh go spochfaí astu. Spochadh!

Bhí Tiffany Stevenson, Brendan Reilly agus Tim Elliott an-ghreanmhar, Tim Elliott ach go háirithe agus a jóc faoi thodhchaí na tíre, áit nach féidir an focal ‘skanger’ a úsáid toisc gur cultúr éagsúil iad muintir Skang, agus toisc go nglactar leis go bhfuilid i do chiníoch má scaoileann tú ‘S-bomb’ in áit phoiblí (is éard is ‘S-bomb a scaoileadh’ ann ná, an focal ‘skanger’ a úsáid go hoscailte!).

Ag spochadh as über-cheartaiseacht pholaitiúil Mheiriceá a bhí sé ag tús an jóc seo, rud a thuigtear go hidirnáisiúnta, agus a thuill moladh beirte ann féin do Tim Elliott.

B’as Baile Munna do Willie White, a bhí mar phríomh-aoi Steve Cummins ar an oíche.

Bhí a chuid ullmhaithe ag Willie roimh ré, agus cé go dtaithníonn an comhrá agus pleidhcíocht leis an lucht féachana liom, bhí Willie chomh greanmhar sin gur mhothaigh mé faoi dheireadh a jócanna go raibheas i ndiaidh bheith ag rang Pilatés le cúpla uair, agus matáin an bhoilg agam go hiomlán tréigthe leis an ngáire uilig.

Cé nach mbeadh jócanna Willie chomh greanmhar céanna dóibh siúd nach dtuigeann Baile Munna, thuig an lucht féachana go díreach cad é a raibh i gceist aige go hiomlán, agus nach muid a bhí ag gáire.

Bhí stíl scéalaíochta ag Willie iontach simplí agus éifeachtach, agus amhráin aige ag tús agus deireadh a sheit. Thaithin a amhráin ag an deireadh faoi airgead á éileamh ó chomlachtaí aráchais go mór liom agus tiúin ‘I Would Walk 500 miles’ de chuid The Pretenders á úsáid aige.

‘I would claim 500 pounds, and I would claim 500 more, just to be the man who falls down at your door’ aige in áit na príomh-líne ó churfá an amhráin.

Ní raibh dul amú ar Cummins agus é ag déanamh cur síos ar Willie, “He may have been in the special class in school but he is a genius on the comedy stage”

Deirtear ‘Hecklers beware’ faoin seó, agus deirtear gur fearr duit gan a bheith ag suí chun tosaigh ag seónna Steve Cummins. B’fhíor an rabhadh é, ach níor thug cóisir na mbáb aird ar bith air.

Bhí Cummins ag baint astu gach uair dó bheith ar an stáitse agus cúrsaí gnéis á bplé aige leis an mBrídeach agus máthair a céile. Nach orthu beirt a bhí an náire!

Is mar sin a bhí Cummins don oíche, chomh spleodrach, fiáin, béalscaoilte agus a shamhlófá le fuirseoir, a bhfuil cuma Axl Rose agus é in mharcaí Rohan as Lord of The Rings air.

Mar oíche amuigh ar an gcathair mholfainn go mór dul chun fuirseoir a fheiscint, ach go háirithe oíche mar seo agus Steve Cummins ag stiúiriú cúrsaí, bhí meascán maith d’fhuirseoirí aige ann agus meascán maith jócanna agus stíleanna acu.

Bhí sé féin chomh greanmhar céanna leo chomh maith agus mheasas féin gur maith an fhianaise é don mhéid suilt agus craic ar bhain gach éinne as an oíche agus líon na ndaoine a chuala mé ag iarraidh a chuid jócanna féin a insint ag deireadh na hoíche.

Bíonn Steve ar Newstalk 106FM, ar an Big Bite ar RTÉ agus cloistear agus feictear ar an BBC, The Last Word ar Today FM, agus ar Spin 103.8FM go minic chomh maith é.

Agus Steve ag taisteal timpeall na tíre ag déanamh seónna níl leithscéal ar bith ag éinne againn gan é a fhescint.

Coimeadaigí súil amach dó.

Rachaidh mise arís – an bhfeicfidh mé ann tú?!

SCÉALTA EILE