Nuair a chuimhnítear ar Richard III mar a chuir Shakespeare i láthair é ina dhráma staire, a scríobhadh agus coróin Shasana ar chloigeann Elizabeth I, cuimhnítear ar fhear beag gránna cam, fear atá ‘determined to prove a villain’.
Is léir ón gcéad chéim bhacach a thugann Aaron Monaghan ar ardán Amharclann na Mainistreach gur léiriú ar leith a bheidh i léamh Garry Hynes an Druid ar Richard III. Bacach é Risteárd Rí, cinnte, ach bacach slachtmhar mar sin féin — hot mess na 15ú hAoise (scríob shlachtmhar?).
Agus é in arm is in éide ghalánta — tá feisteas agus fearas an léirithe seo thar cionn uilig — thug Monaghan uaidh óráid cháiliúil aonair an Diúc, ‘Now is the winter of our discontent’, agus láithreach bonn bhí an lucht féachana faoi gheasa ag a urlabhra iontach agus geáitsíocht ghreannmhar.
Dráma staire, cé gur áirítear scaití mar dráma tragóide, de chuid Shakespeare atá i Richard III, agus cé go mbíonn an greann le sonrú i mbeagnach gach dráma ó pheann Bhard Mór Shasana, chuaigh lucht an Druid, agus Monaghan go háirithe, níos faide fós leis an ngreann agus chuir go mór leis an dráma trí chéile.
Fágtar an lucht féachana ag breathnú trí shúil eile ar bhithiúnach an dráma, a scríobhadh le dlisteanacht Elizabeth mar bhanríon a dhaingniú i meon an phobail, agus tá sé deacair breathnú ar Richard Monaghan gan trua dó agus comhbhá leis a bheith agat.
Gan aon agó, is é Monaghan féin a iompraíonn an dráma agus cé go bhfuil léirithe maithe ann ó aisteoirí eile, go háirithe seanfhondúir an Druid, Marie Mullen, agus Frank Blake, murach an Risteárd mealltach seo ní bheadh an léiriú leath chomh maith céanna.
Canúintí na hÉireann den chuid is mó atá le cloisteáil ó bhéal na gcarachtar, rud a chuir in aimhréidh ar dtús mé agus mé ag breathnú ar dhráma a bhí lonnaithe i Sasana sé seacht gcéad bliain ó shin. Ach chuaigh mo chluais, agus m’intinn, i dtaithí air go luath agus chuir an cinneadh go mór leis an eispéireas trí chéile, cé go bhféadfaí a mhaíomh go raibh roinnt steiréitíopaí ann — dúnmharfóir a raibh blas láidir Luimnigh agus tuaisceartaigh a raibh bua aige coirp a chur i bhfolach.
Scantróidh Richard III an duine a bhfuil súil a choinneáil aige ar chúrsaí an tsaoil na linne seo agus macallaí an rí nimhnigh agus a ré chogúil le cloisteáil go glórach inniu — Sasana roinnte ina dhá leath agus an coimhlintí cumhachta i measc lucht ceannais, agus ceannaire cam a chaitheann na “cairde” a chabhraigh leis an cumhacht a bhaint amach sna fataí lofa agus a gheallann ardú céime d’fheallairí agus dúnmharfóirí. Tá ceacht le foghlaim ó Bhard Mór Shasana.
Tá Richard III á léiriú ag Druid in Amharclann na Mainistreach mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath ar 4, 5, 8-12 Deireadh Fómhair (19.30) agus 6, 13 Deireadh Fómhair (14.00 & 19.30). Ticéid €13-45.