IMRAM V Cluiche na Corónach

Labhair NÓS le Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, faoi sheó ilmheáin nua, ‘Cluiche na Corónach’, a bheidh ag oscailt in amharclann Smock Alley an Fómhar seo, mar chuid d’Fhéile IMRAM. 


Tá réalta IMRAM ar ais le seó ilmheáin nua ‘Cluiche na Corónach’, atá bunaithe ar an chéad leabhar i mórshraith fhantaisíochta George R.R. Martin.

Ó seoladh sraithdhrámaíocht HBO Game of Thrones thiar in 2011, tá lucht leanúna domhanda meallta ag dianchoimhlint na Seacht Ríocht atá léirithe ar an scáileán agus ar pár araon.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, go bhfuil ríméad air an deis a bheith acu anois an scéal a léiriú beo ar an stáitse.

“Scéalaíocht den scoth atá i gceist; tá an tsraith léite agam ina hiomláine. Chríochnaigh mé an leabhar deireanach aréir mar a tharlaíonn sé.

“An rud faoi Cluiche na Corónach ná go bhfuil gach saghas ábhar faoin spéir le brath ann: cogaíocht, cúrsaí gnéis, díoltas, grá, an teaghlach agus níos mó,” arsa Liam.

Rith sé le Liam seó a léiriú bunaithe ar an chéad leabhar nuair a chuala sé go raibh leagan Gaeilge á fhoilsiú ag Leabhar Breac, aistrithe ag Oisín Ó Muirthile.

“Tá an Ghaeilge sa leabhar nua thar a bheith craiceannach, thar a bheith snasta, agus tá sé soléite go maith,” ar seisean.

Mar a bheifeá ag súil, beidh an léiriú is déanaí ag teacht le hardchaighdeán agus le cur chuige samhlaíoch sheónna uile IMRAM, ina dtugtar ceol, litríocht agus na físealaíona le chéile ar ardán.

sinlar

Beidh beirt aisteoirí aitheanta, Seán T. Ó Meallaigh agus Sinéad Ní Uallacháin, ag léamh sleachta as an leabhar agus cluinfear ceol le Caitríona O’Leary a bhí páirteach i dtionscadail rathúla eile de chuid IMRAM a léiríodh roimhe seo, Joni Mitchell agus Kate Bush ina measc.

Is saineolaí í Caitríona O’Leary ar an luathcheol agus ar cheol na meánaoise, atá ar aon stíl leis an ré ina dtiteann imeachtaí Chluiche na Corónach amach.

Beidh ceoltóirí éagsúla ina teannta, ina measc Francesco Turrisi, drumadóir agus ceoltóir ildánach ón Iodáil, Matthias Loibner ar an urdaí-gurdaí agus Nick Roth ar an sacsafón.

Cé gur fantaisíocht atá ann, tarraingíonn George R.R. Martin ar thobar staire na meánaoise agus is amhlaidh a bheidh le brath sa léiriú beo.

Déanfaidh Margeret Lonergan iniúchadh físiúil ar an ré úd.

Tá Cogadh na Rós lárnach sa scéal, mar shampla, sraithchogadh sa 15ú haois a raibh seilbh ar choróin Shasana ag a chroílár.

Tá carachtair sa leabhar bunaithe ar dhaoine sa stair chomh maith, ina measc an Prionsa Joffrey, aka Edward of Lancaster, an t-aon mhac le Rí Anraoi VI.

cluichelar

Seachas insint chróineolaíoch ar an scéal, blaiseadh a bheas i gceist dá bhfuil sa leabhar.

Díreofar ar mhórthéama an leabhair agus ar charachtair ar leith mar Bhanríon na nDragan, Daenerys, Seán Sneachta agus Arya.

“Caithfidh rudaí áirithe a bheith sa seó: an cur síos galánta ar an tírdhreach, an tsíorchoimhlint, an balla agus na dragain. Tá siadsan lárnach sa scéal.”

Tá na ticéid ar díol anois, a chairde, ach is cinnte nach mbeidh siad i bhfad amhlaidh.

IMRAM abú!


Osclóidh ‘Cluiche na Corónach’ Déardaoin, an 13 Deireadh Fómhair, in Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, BÁC. Ticéad anseo: €10 (01) 6770014 nó ar smockalley.com. 

Tá an leabhar ‘Cluiche na Corónach’ aistrithe ag Oisín Ó Muirthuile agus tá sé ar fáil ó Leabhar Breac ar phraghas speisialta réamhordaithe, €14, suas go dtí an 13 Deireadh Fómhair.

SCÉALTA EILE