IMRAM Vs. Hitler & Trump

Beidh ‘Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha’, an léiriú is déanaí le IMRAM, á chur ar stáitse le linn Fhéile Litríochta Bhaile Átha Cliath an mhí seo.

Labhair NÓS le Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, le níos mó a fháil amach faoi. 


Lán filíochta, samhlaíochta agus ceoil, tá an cháil amuigh ar lucht IMRAM as scoth na léirithe Gaeilge a chruthú a chuireann litríocht na Gaeilge agus an domhain inár láthair ar bhealach nuálach.

Agus ní haon eisceacht an léiriú is úire leo Tionscadal Brecht Amhráin ón Ré Dhorcha, ná baol air.

Tá draoithe ildánacha IMRAM tagtha le chéile faoi stiúir Eric Fraad, as SAM, an iarraidh seo chun léargas a thabhairt dúinn ar shaothar an mhórfhile agus an drámadóra Ghearmánaigh Bertolt Brecht.

Glactar leis gurbh é Brecht ba mhó a d’imir tionchar ar fhorbairt na filíochta agus na hamharclannaíochta sa 20ú haois, go háirithe san Iarthar, agus creideann Liam go bhfuil a shaothar “chomh suntasach ábhartha sin is a bhí riamh”.

Rugadh Brecht ag tús an chéid seo caite sa Ghearmáin agus mhair sé fríd An Chéad Chogadh Domhanda, teacht na Naitsithe, An Dara Cogadh Domhanda agus Teacht an Stailíneachais sa Ghearmáin agus sa Rúis.

Pléann go leor de shaothar Brecht leis na mór-imeachtaí seo agus é ag fiosrú na gcúiseanna ar tharla siad.

Agus é óg, tháinig Brecht go mór faoi anáil Karl Marx agus sheas sé ar son an lucht oibre.

Cé gur éalaigh sé ón Ghearmáin in 1933, an bhliain ar cuireadh an Reichstag trí thine, lean sé air ag scríobh faoina thír faoi smacht na Naitsithe agus é ar deoraíocht.

“Bhí Brecht ag díriú ar na ceisteanna a bhfuil daoine buartha fúthu sa lá inniu siar sna 30í agus na 40í,” arsa Liam le NÓS.

“Bheartaigh muid gurbh fhiú dúinn tabhairt faoin léiriú seo mar go bhfuil macallaí le fáil i saothar Brecht atá ábhartha faoi láthair, agus borradh faoin eite dheis ar fud na cruinne, lena leithéidí Trump sna Stáit Aontaithe, Le Pen sa Fhrainc agus Geert Wilders san Ísiltír.”

Gan an oiread a sceitheadh faoin léiriú féin, beidh cliar ildánach de rinceoirí (Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Róisín Kearney), aisteoirí (Sean T. Ó Meallaigh agus Gearóid Ó Mórdha) agus an t-amhránaí álainn Caitríona O’Keary, (stiúrthóir ceoil an tionscadail) ar ardán agus cuid de na pearsantachtaí conspóideacha á cur i láthair acu.

Áit a mbíonn Trump bíonn caint ar ghiolcacha agus tá an ghné seo dá shaol tugtha isteach sa léiriú chomh maith.

Faoi láthair, níl ach oíche amháin beartaithe ag IMRAM an tionscadal seo a léiriú, cé gur bhreá le Liam an seó a thabhairt ar camchuairt chun na hEorpa agus na Stát Aontaithe amach anseo.

Gach rath ar na hIMRAMóirí!


Is in Amharclann an Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, BÁC, a léireofar Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré DhorchaDé Céadaoin 24 Bealtaine, mar chuid d’Fhéile Litríochta Bhaile Átha Cliath. Faigh ticéad anseo.

SCÉALTA EILE