Tá iomlán na dticéad do première sheó nua Fíbín, Fiach, díolta. Beidh an seó á léiriú den chéad uair an tseachtain seo chugainn ag ceannáras Fíbín ar an Tulach i gCois Fharraige. Agus na srianta le dul i ngleic le scaipeadh an víris chorónaigh in Éirinn ag cur bac mór ar na healaíona, tá réiteach nuálach ag Fíbín le heispéireas ceart siamsaíochta a thabhairt dá lucht féachana.
Gealltar dúinn go mbeidh ár “gcroí inár mbéal ag Fiach” agus go mbeidh an t-atmaisféar céanna ann a bheadh “ag ceolchoirm rac-cheoil”.
“Beidh tú faoi gheasa ag draíocht na scannánaíochta agus ag dlúthchaidreamh an dráma raidió. Gach rud a d’airigh tú uait le tamall…beidh sé ann,” a deirtear linn.
Tá Fíbín agus an Taibhdhearc ag obair as lámha a chéile ar an léiriú seo agus obair mhór déanta acu a chinntiú gur féidir “seó beo a chruthú do lucht féachana beo” a bheadh ag teacht leis na treoracha ón rialtas maidir le cosc an víris.
“Theastaigh ó Fíbín tabhairt faoin dúshlán agus amharclannaíocht a bheadh sábháilte ach éirí croí inti a chruthú. Bhí orainn a bheith ag smaoineamh lasmuigh den bhosca, agus más tada é, tá sé i ndiaidh brú a chur orainn a bheith níos cruthaithí agus smaointí nua á cheapadh don léiriú.
“Tá ríméad orainn go bhfuil muid in ann cuireadh a thabhairt do lucht féachana chuig ‘Fiach’, ár seó amharclannaíochta drive-in, áit ar féidir le daoine taitneamh a bhaint as a bheith ag féachaint ar scéal i dteannta a chéile in atmaisféar iontach,” a dúirt Philip Doherty, stiúrthóir Fiach.
Is iad na haisteoirí aitheanta Fionnuala Flaherty agus Dara Devaney a bheidh sa seó nua seo, a bheidh ar siúl ar feadh deich lá idir 12-22 Lúnasa. Tá costas €25 ar thicéad do charr amháin, agus cuirfear tús leis an seó gach oíche ag 22.00.