Is fiú íoc chun amharc air seo!

Ní Thig Linn Íoc! Ní Íocfaidh Muid! (Aisling Ghéar)


In 1997 léirigh an compántas drámaíochta Aisling Ghéar a chéad dráma ar stáitse, Bás Taismeach Ainrialaí, leagan Gaeilge de shaothar iomráiteach an drámadóra Iodálaigh Dario Fo.

Anois agus an compántas ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód, tá siad ag filleadh ar shaothar Fo le léiriúchán nua dá scigdhráma Non Si Paga! Non Si Paga! (nó Can’t Pay? Won’t Pay! mar is fearr aithne air i mBéarla).

Scríofa ag Don McCamphill agus stiúrtha ag Bríd Ó Gallchóir, aistríonn Ní Thig Linn Íoc! Ní Íocfaidh Muid! an scéal chuig Iarthar Bhéal Feirste an lae inniu.

Níl mná na háite sásta faoi ardú eile praghasanna san ollmhargadh, agus i ngníomh mór agóide siúlann na céadta acu amach as an siopa lena n-earraí gan íoc astu.

Is anseo a bhuaileann muid le hÁine agus le Margherita, beirt bhan atá ag streachailt le híoc as a mbillí – morgáistí agus cíos, gás agus leictreachas: tá praghasanna an uile rud ag ardú gan stad.

Ar ndóigh, tapaíonn siad an deis le béile mór sláintiúil a bheith acu, mar athrú.

Ach leis na póilíní sa tóir ar na mná ar fad sa cheantar a bhí páirteach sa mhórghadaíocht, agus ag dúil le ceisteanna casta óna bhfir chéile faoin charn mór bia atá ina seilbh, caithfidh siad an chreach a chur faoi cheilt.

Seo túsphointe an dráma, agus éiríonn an scéiméireacht níos áisféisí i rith ama go dtí go sroicheann muid an buaicphointe.

Taobh leis an phríomhscéal seo, bíonn a n-eachtraí féin ag na fir – Cricky agus Jonty – agus faigheann muid amach go raibh níos mó ná agóid amháin gan íoc sa chathair ar an lá seo.

Bogann an dráma ar luas lasrach agus ní éiríonn sé as an ghreann in aon am.

Tá fuinneamh iontach curtha isteach san iarracht ag na haisteoirí ar fad – Aoife Nic Ardghail, Eleanor O’Brien, Jack Walsh, Jamie Hallahan agus Tony Devlin.

Tá sé lán le tagairtí do na fadhbanna ag Stomont, don Bhreatimeacht agus don teorainn chrua, do RHI agus NAMA, agus i bhfad Éireann níos mó.

Tá trácht fiú ar Pháirtí na nOibrithe… ‘na Sticks’!

Oibríonn an cóiriú seo go han-mhaith, b’fhéidir go rómhaith fiú.

Mar ba ghnáth le saothar Dario Fo, bíodh is go bhfuil an dráma seo lán le greann, tá líne thábhachtach pholaitiúil ag rith faoi gach rud.

Tá píosa maith oibre déanta ag McCamphill leis seo a fhíorú i gcomhthéacs Bhéal Feirste in 2017.

Faoi láthair, tá an ‘austerity’ – polasaithe na déine – ag cur brú ar an chosmhuintir i gcónaí.

Tá giorruithe i liúntais ag cur isteach, ní amháin ar dhaoine dífhostaithe, pinsinéirí, daoine atá tinn agus leochaileach, ach ar dhaoine atá ag obair ar ioncam íseal freisin.

Tá borradh millteanach faoi bhancanna bia sa chathair seo.

Táthar ag tuairisciú go bhfuil ardú mór i líon na ndaoine ag cur lámh ina mbás féin mar gheall air seo ar fad.

Agus i rith ama tá na boic mhóra ag déanamh brabúis mar nach ndearna siad riamh cheana.

Tá seo le tuiscint sa dráma in áit a bheith rófhollasach.

Is féidir dul agus sult a bhaint as gan barraíocht smaointe a dhéanamh faoina dhath.

Ach chuir sé mé ag machnamh faoi chumhacht an ghrinn le ceisteanna tábhachtacha doimhne a ardú.

Éiríonn go geal leis an chóiriú seo ag Aisling Ghéar, is cuma cén rud a bhfuil tú ag dúil leis uaidh.


Beidh ‘Ní Thig Linn Íoc! Ní Íocfaidh Muid!’ ar ardán in Amharclann an Lyric, Béal Feirste, 11-15 Deireadh Fómhair.

Is féidir ticéid a chur in áirithe anseo.

SCÉALTA EILE