Leagan Úcráinise den dráma clúiteach ‘Translations’ in Amharclann na Mainistreach

Beidh leagan Úcráinise den dráma clúiteach Translations le Brian Friel ar an ardán in Amharclann na Mainistreach an mhí seo chugainn. Is iad lucht Amharclann Náisiúnta na hÚcráine Lesya a chuirfidh an dráma ar ardán náisiúnta na tíre seo ar an 20-24 Meitheamh, faoi stiúir Кирило Кашліков (Kyrylo Kashlikov).

Translations lonnaithe i dtuaisceart na tíre tráth a bhí arm na Breataine agus déanamh léarscáiliú den tír sa 19ú haois. Tá an-cháil ar an dráma mar gheall ar an léiriú a fhaightear ann ar an bhféiniúlacht náisiúnta, cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta agus cúrsaí staire.

Cuireadh an leagan Úcráinise seo den dráma ar an ardán den chéad uair in Київ (Cív), príomhchathair na hÚcráine, i Meán Fómhair 2022 – léiriú a bhí ina “gníomh ceannairceachta ann féin” dar le lucht na hamharclainne. Beidh an léiriú seo in Amharclann na Mainistreach in Úcráinis agus beidh fotheidil Bhéarla ann.

Scríobhadh Translations i mBéarla in 1980 ach dúirt an scríbhneoir féin, Brian Friel, “gur chóir é a scríobh i nGaeilge”. Cuireadh leagan Gaeilge den dráma ar an ardán sa Taibhdhearc in 1995. Ba é Baoitean dráma Gaeilge is deireanaí a cuireadh ar an ardán in Amharclann na Mainistreach, i mí na Bealtaine 2019.

Beidh Переклади á léiriú ón 20-24 Meitheamh agus tá costas idir €13-€45 ar na ticéid. Tá ticéid speisialta ar fáil do dhaoine a cuireadh as a mbaile mar gheall ar chogaíocht agus géarchéimeanna eile ar phraghas €5.

SCÉALTA EILE