Léiriú cumasach, greannmhar, líonta le spraoi físiúil

Bhí d’ádh orm múinteoir Gaeilge a bheith agam ar an meánscoil a thug gean a chroí do litríocht na Gaeilge. Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne a bhí againn mar théacs roghnach ardteiste. Léigh sé os ard é don rang, mar a bheadh seanchaí ar an seandéanamh ann.

Faoi láthair tá Fíbín i mbun camchuairte lena leagan féin den scéal, Tóraíocht. Mikel Murfi a chuir in oiriúint agus a stiúir agus is léir a lámh ar an ngluaiseacht mhear bhuile ó thús deireadh ann. Úsáidtear mascanna agus canúintí éagsúla go cliste chun carachtair iomadúla a chruthú — os cionn 30 agus gan ann ach seisear sa chliar.

Seán T Ó Meallaigh a ghlacann ról Dhiarmada, an banaí is mó sa tír agus aisteoir atá thar barr ag an slómó. Nuair a thugann Gráinne deoch shuain don slua ar fad atá ag an bhfleá cuireann sí air cabhrú léi éalú ó Fhionn. Cuireann sé de bhaothléimeanna arda agus déanann leaba sheascair di agus an sliabh tugtha acu orthu féin fud fad na tíre, Fionn gangaideach ar a dtóir. Diúltaíonn Diarmuid uasal luí le bean mar Ghráinne atá luaite le Fionn cheana.

Tugtar sciuird thapa trí scéal na Féinne ag tús, cineál de ‘Previously on An Fhiannaíocht’.

Tá meascán mearaí, sa chiall is fearr ar fad, sa dráma seo. Greann, arrachtaigh, mascanna uamhnacha, iománaíocht bharbartha le magairlí fuilteacha agus scéal a ghluaiseann chomh tapa le héalú na beirte.

Uaireanta bhraitheas go raibh an dráma ag brath rómhór ar an ngreann. Is intuigthe a leithéid agus an dráma ag díriú ar dhaltaí meánscoile cuid mhór. Is trua nach bhfuil níos mó de théacs máistriúil Nessa Ní Shéaghdha le clos sa léiriú seo. Foilsíodh a leagan sise sa bhliain 1967 i gcéaduair ach is iomaí rá fileata agus deismireacht iontach nach gcloistear sa leagan seo a scríobh Philip Doherty. Samhlaigh dul go Shakespeare agus gan na línte is cáiliúla a chlos ach trí pharafrása.

Tá buanna go leor ag an dráma. Chuaigh aerdhamhsa Kate Finegan i bhfeidhm go mór orm. Glacann na banaisteoirí ar fad ról Ghráinne ag pointí éagsúla ach lig Kate do Ghráinne a sciatháin a leathadh is tabhairt faoin eitilt. Radharcanna faoi leith d’éirigh an-mhaith leo ar fad; Diarmuid agus fathach na sméar draíochta; cath an toirc. Molaim an cú álainn leis. Bhain Méabh Ní Chualáin gháirsiúil faoi bhun maisc gáire ar leith asainn. Thabharfadh na rianairí fíorscanrúla oirc Lord of the Rings chun cuimhne agus chuir Darach Ó Tuairisg gan cholainn (glór Fhinn) creathán trínn.

Is léiriú le taobhtheidil (murab ionann agus fotheidil) é seo ach ní chuireann siad isteach ar an léiriú don Ghaeilgeoir mórán. Fadhb le drámaí Gaeilge uaireanta ná foghraíocht iad siúd nach labhraíonn an teanga chomh rialta sin. Corruair is deacair gutaí cuid de na haisteoirí a aithint. Ansin a thosaíonn na taobhtheidil ag cur isteach ort… 

Sabine Dargent a dhear an seit. Trí stoc crainn fite go fíneáilte as éadach as cionn na drámaíochta. A thugann le fios go bhfuil imeachtaí an léirithe ar bun in áit folaigh agus a oireann do na foraoiseacha éagsúla a mbíonn an bheirt ag teitheadh tríothu.

Ag deireadh báire tá againn léiriú cumasach, greannmhar, líonta le spraoi físiúil agus cleasanna taitneamhacha. Bhraith mé uaim líofacht agus saibhreas bhunscéal Ní Shéaghdha áfach.

 

Beidh an dráma á léiriú in Visual Carlow Déardaoin 26 Aibreán, 12:30i.n & 8i.n

An Chliar: Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Gráinne Bleasdale, Fionnuala Gygax, agus Seán T Ó Meallaigh.

SCÉALTA EILE